Is gnách Bliain na bhFrancach a thabhairt ar an mbliain ar fad; bhí an Fhrainc Réabhlóideach ag iarraidh lámh chúnta a shíneadh chuig na ceannaircí Éireannacha. Mhair na himeachtaí réabhlóideacha in Éirinn ar feadh leathbhliana, a bheag nó a mhór.
B'iad baill na hEaglaise Oifigiúla - Eaglais na hÉireann - an dream ba mhó cumhachta sa tír. Ní raibh na heaglaisí Protastúnacha eile chomh cumhachtach céanna, nó bhí srianta áirithe curtha leo agus le saol a mballra ag na dlíthe freisin. Mar sin, thosaigh siad ag comhoibriú leis na Caitlicigh leis an nasc le Sasana a bhriseadh agus saoirse a bhaint amach d'Éirinn.
Bhí an tacaíocht leis na hÉireannaigh Aontaithe ag fás i measc na nÉireannach, agus sa deireadh, thosaigh siad ag ullmhú réabhlóide, agus iad ag dul i dteagmháil leis na Francaigh freisin le cabhair a iarraidh orthu.
Sa bhliain 1796, tháinig 15,000 saighdiúir faoi cheannas an Ghinearáil Hoche go Bá Bheanntraí, agus Wolfe Tone leo. Níor lig an doineann agus an ghaoth mhór do na Francaigh teacht i dtír, áfach.
Tháinig eagla ar na Sasanaigh, agus chuaigh siad i dtuilleamaí comhéigin agus géarleanúna, go háirithe i dtuaisceart na tíre. Rinne siad iarracht freisin an aontacht idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh a bhriseadh.
D'éirigh na hÉireannaigh amach i gCathair (Contae Thiobraid Árann) ar an 28 Márta1798. Ach briseadh an cath orthu go tapaigh, faoi cheannas an High Sheriff, Col. Thomas Judkin-Fitzgerald. Ansin, thuig na hÉireannaigh Aontaithe go raibh orthu plean ceart a dhéanamh agus an cheannairc a thosú go gasta.
Baile Átha Cliath
Is é an plean a bhí ag na hÉireannaigh Aontaithe ná go n-éireodh na ceannaircí i mBaile Átha Cliath amach ar an 24 Bealtaine1798, agus go gcuirfeadh na ceannaircí sna contaetha timpeall bac leis na saighdiúirí a bheadh ag iarraidh teacht isteach sa chathair.
Ba é Henry Joy McCracken, Preispitéireach, a bhí i gceannas ar an 3,000 reibiliúnaí a d’éirigh amach i mbaile Aontroma agus ba é Protastúnach darbh ainm Henry Monroe a chur tús leis an éirí amach i gCo. an Dúin.[1] Níor mhair an trodaireacht ach seachtain. Gabhadh McCracken agus Monroe agus crochadh iad.
Contae Loch Gorman
Ar an 25 Bealtaine1798, chuir fórsaí na Breataine 28 príosúnach chun báis i gCarn an Bhua, Loch Garman."Beart coisctheach' a bhí ann; bhí an t-arm ag iarraidh ceacht a mhúineadh don phobal. Tháinig an pobal ar thuairim eile ar fad, agus bhris an réabhlóid amach i Loch Garman an lá dár gcionn, ag cur iontas ar an rialtas.
Dúirt sagartCaitliceach an cheantair, an tAthair Seán Ó Murchú, go raibh sé sásta an t-éirí amach a stiúradh i mBuaile Mhaodhóg. Bhí pící agus speala mar uirlisí troda acu agus ghlac siad seilbh ar Inis Córthaidh agus ar Loch Gorman. Choinnigh na reibiliúnaithe Protastúnaigh na háite i ngéibheann i mbaile Loch Gorman mar bhí siad ag déanamh amach go raibh na Protastúnaigh ag tacú le rialtas na Breataine.
Tharla roinnt eachtraí gránna. Dhóigh na reibiliúnaithe 100 Protastúnaigh ina mbeatha i scioból i Scolbóg agus mharaigh siad 100 príosúnach Protastúnach le pící ar dhroichead Loch Gorman. Nuair a theip ar na reibiliúnaithe seilbh a fháil ar Ros Mhic Thriúin, chruinnigh siad le chéile ar Chnoc Fhiodh na gCaor (Vinegar Hill). Bhuaigh fórsaí na Breataine, faoin Ghinearál Lake, orthu go furasta. Scrios siad an tuath, dhóigh siad tithe agus chroch siad duine ar bith a mheas siad a bhí ina reibiliúnaí.
Ar 2 Iúil1798, gabhadh an tAthair Seán Ó Murchú agus é i bhfolach i gclós feirme sa Tulach. Cuireadh faoi thriail armchúirte é ar an toirt agus tréas ina leith. Rinneadh céasadh air agus crochadh é. Baineadh a chloigeann de agus cuireadh ar taispeáint é., le feiceáil ag cách.
Bheartaigh Humbert gluaiseacht ar aghaidh i dtreo Bhaile Átha Cliath. Ach níor mhair Poblacht Chonnacht rófhada. Casadh arm na Breataine air i mBéal Átha na Muc i gCo. Longfoirt. Arm 20,000 fear a bhí rompu agus níor mhair an cath rófhada. Rinneadh scrios ar Ghaeil agus ar Fhrancaigh ar an 8 Meán Fómhair1798.
Gabhadh Humbert i ndiaidh chath Bhaile na Muc. Ghéill na Francaigh eile agus rinneadh príosúnaigh chogaidh díobh agus maraíodh na hÉireannaigh a bhí leo. Gabhadh John Moore chomh maith agus fuair sé bás i 1799 i bPort Láirge‖==[3]
Cath Thoraí
Tháinig na Francaigh go Dún na nGall freisin i mí Dheireadh Fómhair. Nuair a bhí an dara grúpa ag iarraidh teacht i dtír troideadh cath mara amach ó chósta Thír Chonaill agus ghabh na Sasanaigh sé cinn de na naoi long Fhrancacha. Cloíodh iad i gCath Thoraí roimh theacht i dtír.
Gabhadh Wolfe Tone ar cheann de na báid. Ba é seo an comhrac deireanach den Éirí Amach Éireannach sa bhliain 1798. Ba é a chuir críoch leis an iarracht dheireanach a rinne Cabhlach na Fraince ar líon suntasach saighdiúirí a thabhairt i dtír in Éirinn i rith an chogaidh.
Anailís
Cad chuige ar theip ar Éirí Amach 1798? I dtús báire níor thug mórán daoine tacaíochta dó, Fiú bhí an chléir ina éadan. Cinnte bhí an tAthair Seán Ó Murchú sé sásta an t-éirí amach a stiúradh i mBuaile Mhaodhóg. Ach eachtra ar leith ba ea é. Anuas air sin, ní raibh ord ná eagar ar an bhfeachtas. Bhí easpa smachta ar na réabhlóidí agus fiú easpa uirlisí troda ann, in éadan trúpaí armáilte. Mar sin bhí an chogaíocht an-trí chéile go deo.
Tá codarsnacht iomlán idir an scéal seo agus an t-ullmhúchán a rinne an rialtas. Bhí spiairí an-éifeachtach ag na húdaráis agus bhí arm Shasana thar a bheith.oilte. Mar bharr ar an mí-ád, bí na Francaigh rómhall ag teacht.