Rugadh Hardiman ar an gCúlóg i mBaile Átha Cliath. Múinteoir ab ea a athair P.J., a bhí ina uachtarán ar Chumann na Meánmhúinteoirí tráth.[3]
Fuair Hardiman a chuid oideachais i gColáiste Belvedere, COBÁC (áit ar bhain sé céim amach i stair) agus ag Óstaí an Rí. Bhí sé ina Reachtaire ar Chumann Litríochta agus Staire UCD agus ina Uachtarán ar Chomhairle Ionadaithe na Mac Léinn, UCD (réamhtheachtaí Aontas na Mac Léinn, UCD,[4] áit a raibh sé thar barr i mbun díospóireachta. Mar shampla, bhuaigh sé Craobh Náisiúnta Díospóireachta The Irish Times sa bhliain 1973.
Barra
Glaodh chun an Bharra é i 1974 agus chleachtaigh sé mar abhcóide ar feadh na chéad 26 bliain eile, ag tógáil Silk sa bhliain 1989. Bhain sé cáil amach go luath mar abhcóide sciliúil agus mar óráidí ó thús a ghairmréime sa Bharra.[2]
Bhíodh Hardiman le Fianna Fáil agus sheas sé dóibh sna toghcháin áitiúla sa bhliain 1985 i nDún Laoghaire ach ní raibh rath ar a chuid iarrachtaí.[5]
Déanadh Breitheamh ar an gCúirt Uachtarach de sa bhliain 2000, cé nach raibh sé ina bhreitheamh cúirte roimhe sin (mar phrintíseach, mar is gnách).[6]
Bhí baint aige le go leor de na príomhchásanna ag an am. Scríobhadh sé agus chraoladh sé go rialta ar ábhair dhlíthiúla agus pholaitiúla.[7][8] "Bhí doimhneacht agus déine a anailíse dlíthiúla ag teacht le deisbhéalaí agus soiléire a bhreithiúnas... agus fuair sé an t-aitheantas cuí mar chosantóir paiseanta na saoirsí sibhialta agus saoirsí an duine aonair."[2]
Bhí Hardiman ina Bhinseoir ag Óstaí an Rí, ina Mháistir Binse ag an Teampall Láir, Londain agus ina Bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann.
Ba mhór i gceist an chaoi ar cheistigh Hardiman Taoiseach na linne, Albert Reynolds, ag Binse na Mairteola.
2001
Ba é a thiomáin an bhreith mhóraimh sa Chúirt Uachtarach i gcás Ó Beoláin v Fahy a dhearbhaigh dualgas reachtúil a bheith ann tiontú oifigiúil d’Achtanna a chur ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil a luaithe agus a chuireann an tUachtarán a lámh le Bille. Sa bhreithiúnas sin, thug an Breitheamh Hardiman léargas maith ar an stádas láidir ba cheart a bheith ag an Ghaeilge faoi réir Airteagal 8 den Bhunreacht.[9][10]
2007
Bhí Hardiman mar pháirt den chúirt a bhronn dúbailt damáistí ar an tábhairneoir as Dún na nGall, Frank Shortt, ar gearradh téarma príosúnachta san éagóir air tar éis do bheirt Ghardaí fianaise bhréige a chur chun cinn.
2013
Sa chás Marie Fleming v Éire, rialaigh Hardiman, mar aon leis an gcúirt, nár cheadaigh an ceart chun na beatha atá sa Bhunreacht ceart chun báis.[3]
2014
Bhí baint ag Hardiman le cinneadh na Cúirte Uachtaraí i gcás Ó Maicín v Ireland, cás cáiliúil maidir le héileamh fir as Ros Muc i gConamara go mbeadh a theanga dhúchais, an Ghaeilge, ag baill uile an ghiúiré sa chás a bhain le hionsaí a dhéanamh ar dhuine eile, ar chainteoir dúchais Gaeilge é chomh maith.[11] Ba é Hardiman an t-aon duine de chúigear breithiúna a sheas le hiarratas Uí Mhaicín ar ghiúiré a mbeadh Gaeilge acu.[12]
2015
Sa chás DPP v JC, d’easaontaigh Adrian Hardiman le breith an mhóraimh ar an gcúirt a rialaigh gur cheart deireadh a chur leis an mbac a bhí ar ghlacadh le fianaise a fuarthas agus sárú déanta ar chearta bunreachtúla an duine.[3]
Gaeilge
Gaeilgeoir líofa ab ea Hardiman. Bhí muintir leis i Mín Doire Dhamh i bparóiste Ghaoth Dobhair agus seans gurbh é an ceangal sin a mhúscail a spéis sa Ghaeilge.
Ba bhreitheamh é a bhí go láidir i bhfabhar chearta na nGaeilgeoirí.[13] Bhí sé le feiceáil ina chuid cinntí, nuair a cháin sé go géar an Stát nuair a teipeadh ar na cearta seo a shárú. Tháinig roinnt mór-athruithe as a chuid breithiúnas – mar shampla Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dátheangachas sa dlí.
Bhí suim ar leith ag Hardiman i gcur chun cinn na Gaeilge taobh istigh den dlíchóras. Ba mhinic dó a bheith mar Bhreitheamh ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh – comórtas a eagraíonn Gael Linn do mhic léinn.[9]
Scríobh sé leabhar sular bhásaigh sé, "Joyce in Court",[14] agus an tionchar a bhí ag cásanna éagsúla i gcúirteanna dlí na hÉireann agus na Breataine ar Joyce. Tá cur síos aige ar chás Mhám Trasna.[15]
Bás gan choinne
Tugadh cuireadh do Hardiman chun Léacht na Comhdhála ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh a thabhairt ar an 7 Márta2016.[16] Bhí sé ag ullmhú le labhairt ann faoi chearta teanga agus an dlí ag comhdháil de choimisinéirí teanga as gach cearn den domhan a bhí tagtha le chéile i nGaillimh, nuair a bhuail taom croí é, in aois a 64 bliain dó.
Foilseacháin
"The Role of the Supreme Court in our Democracy" in Political choice and Democratic Freedom in Ireland (Mulholland, 2004)
"Native and foreign judges and laws in Ireland: a post-colonial reflection" in (Sarkin and Binchy eag)
The Administration of Justice: Current Themes in Comparative Perspective (Four Courts Press, 2004)
"Socio-economic Litigation and the Separation of Powers" in The Commonwealth Lawyer, Imleabhar 14, Uimh. 3 (Nolllaig 2005)
"The Trial of Robert Emmet" in History Ireland, Imleabhar. 13, uimh. 4 (Iúil/Lúnasa 2005)
"A Gruesome Case: James Joyce's Dublin Murder" in (Larkin and Kissane eag)
Librarians Poets and Scholars: a festschrift for Dónall Ó Luanaigh (Dublin, National Library of Ireland Association, le foilsiú, 2007)
"Shot in Cold Blood: Military Law and Irish Perceptions in the suppression of the 1916 Rebellion" in (Doherty and Keogh eág)
The Long Revolution: the 1916 Rising in context (Mercier, Corcaigh, 2007)
"Law Crime and Punishment in Bloomsday Dublin" (Irish Legal History Society, 2007)
Adrian Hardiman, Joyce in Court (Head of Zeus, 2017)[14]
Hardiman ar Robert Emmet sa bhliain 2015 i TCD ar Youtube. Mí sular bhásaigh sé, ar an 7 Márta 2016, thug sé léacht faoi thriail Roibeard Emmet in 1803 i dTeach Cúirte Shráid na Faiche i mBaile Átha Cliath, sa seomra ceannann céanna inar daoradh Emmet.[3]
↑Dúirt an Breitheamh Hardiman an méid seo; "Is é mo dhearcadhsa go bhfuiltear tagtha chuig staid anois nach ndéanfadh ach duine a mbeadh neamhspleáchas agus dianseasmhacht thar an ngnáth ag baint leis nó léi iarracht ar gnó dhlíthiúil a dhéanamh trí Ghaeilge…..Ní féidir leo athrú ar bith a chur ar an bhfírinne lom go n-aireoidh an té a lorgaíonn bunábhar dlíthiúil i nGaeilge go bhfuil sé ag goilleadh ar na hoifigigh óna lorgaíonn sé iad agus is cinnte go n-aireoidh sé go ndéileáilfí níos gasta agus níos éifeachtúla lena ghnó má thaobhaíonn sé an Béarla. Ní fhéadfainn a rá ach gur cion i gcoinne meoin agus bhunbhrí na bhfocal sa Bhunreacht an staid seo"....
"Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmuis dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit ná de chuid aon cheann dá bhaill. Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil." (Tag: Hardiman, Brmh. - Athbhreithniú Breithiúna - An Chúirt Uachtarach: Ó Beoláin V Fahy [2001] 2 I.R. 279.)