Tá teoiricí éagsúla ann maidir le bunús sanasaíoch an ainm Úcráin, ach is é an ceann is coitinne ná gur tháinig sé ó shean-nath Slavach le haghaidh "talamh críche, teorainn" .i. ó Sean-Slavais Oirthearach оукраина, díorthaithe ó na focail оy (u, "ag") + краи (krai, "imeall"), nó край (kraj, "talamh").
Tá achar de 603,628 km2 (233,062 míle cearnach) aici, rud a chiallaíonn gurb í an tír is mó í atá go hiomlán laistigh den Eoraip.
Daonra
Bhí 42.5 milliún duine ina gcónaí sa tír sa bhliain 2008, 77.8 % díobh ina Úcránaigh eitneacha, le mionlaigh shuntasacha eile; Rúisigh eitneacha (17 %), Bealarúisigh, Tataraigh agus Rómánaigh.
Teangacha
Is í an Úcráinisteanga oifigiúil na hÚcráine, agus í scríofa san aibítir Choireallach.
Is í an Chríostaíocht Cheartchreidmheach Oirthearach an reiligiún ceannasach, agus chuaigh sé go mór i gcion ar ailtireacht, litríocht agus ceol na hÚcráine.
Is é 24 Lúnasa Lá Náisiúnta na hÚcráine, a dhéanann comóradh ar neamhspleáchas na tíre ón Rúis.[1]
Stair
Tá daoine ina gcónaí i gcríoch na hÚcráine ar a laghad ar feadh 44,000 bliain. Tá seans maith ann gur thosaigh ceansú an chapaill anseo, agus freisin gur tír thionscnaimh na teangan Prota-Ind-Eorpaise í.
Sna meánaoiseanna, ba limistéar lárnach í de chultúr na nOir-Shlavach í, mar shampla, an stát cumhachtach 'Cív na Rúise'.
Tar éis í a bheith ilroinnte sa 13ú haois, bhí an Úcráin faoi réir coimhlinte, forlámhais agus deighilte ag cumhachtaí éagsúla. Tháinig Poblacht Chosacach chun cinn le linn na 17ú agus an 18ú haoiseanna, ach, thairis sin, d'fhan an Úcráin roinnte go dtí a comhdhlúthú isteach sa phoblacht Sóivéadach sa bhfichiú haois.
Tar éis gur tharla díscaoileadh an Aontais Shóivéadaigh, lean an Úcráin ag coimeád an dara fórsa míleata is mó san Eoraip, i ndiaidh na Rúise, nuair a chuirtear cúltacaí agus pearsanra paraimíleata san áireamh.
Chuir Parlaimint na hÚcráine a hUachtarán as oifig ar 22 Feabhra2014 tar éis na míonna d'agóidí agus de chorraíl i measc an phobail. Thosaigh tréimhse fhada éiginnteachta de dhroim chaidreamh na hÚcráine leis an Aontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus leis an Rúis, ar an taobh eile.
Is poblacht í an Úcráin, faoi chóras leath - uachtaránachta le craobhacha reachtacha, feidhmiúcháin, agus breithiúnacha ar leith.
Is stát aonadach é an Úcráin atá comhdhéanta de 24 oblast (cúige), agus cathair a bhfuil stádas speisialta aici: Cív, an phríomhchathair agus an chathair is mó,
Roimh 2014, bhí poblacht uathrialach amháin (an Chrimé) agus cathair a raibh stádas speisialta aici Sevastopol, ina mbíonn leaba ancaire in áirithe, faoi chomhaontú léasaithe, ag Cabhlach Rúiseach na Mara Duibhe.
Geilleagar
Le fada, bhí an Úcráin ina ciseán aráindomhanda, mar gheall ar an ithir shaibhir. Sa bhliain 2011, bhí an Úcráin san tríú háit ar domhan i dtaobh onnmhairithe gráinne. Ina theannta sin, tá earnáil déantúsaíochta dea-fhorbartha aici, go háirithe i réimse an aeraspáis agus trealaimh thionsclaíochta.