Is tír bheag thalamhiata atá suite in iarthar na hEorpa í an Eilvéis nó an Eilbhéis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na hEilvéise). Tá teorannacha aici leis an Ostair, le Lichtinstéin, leis an bhFrainc, leis an Iodáil, agus leis an nGearmáin.
Teangacha
Tá ceithre theanga oifigiúil san Eilvéis: an Ghearmáinis (63,7 %), an Fhraincis (20,4 %), an Iodáilis (6,5 %) agus an Rómainis (0,5 %). Maidir leis an gcineál Gearmáinise a labhraítear san Eilvéis, is canúint neamhionann go leor í leis an Ard-Ghearmáinis atá in uachtar sa Ghearmáin.
Tíreolaíocht
Is tír shléibhtiúil í an Eilvéis. Roinntear an tír ina trí chuid: na Sléibhte Alpa, an tArdán Láir agus na Sléibhte Jura. I measc sléibhte cáiliúla na tíre, tá an Matterhorn. Tá na cathracha, Zürich agus an Ghinéiv mar shampla, ar an Ardán Láir, agus mar i gcéanna leis an gcuid is mó den daonra.
Neodrachas
Cé go bhfuil an Eilvéis i lár na hEorpa idir tíortha a raibh cogaidh go leor ar siúl acu le linn na 19ú agus 20ú céad, tá beart eachtrach neodrach docht ag an tír le tamall fada. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar shampla, cé go labhraítear Gearmáinis ansin agus go mbíonn teorainn leis an Ostair, an nGearmáin agus an Iodáil (is é sin, tíortha na hAise) ann, ní raibh an Eilvéis rannpháirteach sa chogadh sin. Ní raibh an Eilvéis páirteach i gcogaíocht ón mbliain 1815 i leith.
Tá a lán eagraíochtaí idirnáisiúnta lonnaithe san Eilvéis. Bunaíodh an Chros Dhearg sa tír, sa Ghinéiv, sa bhliain 1863. Tá an dara grúpa oifigí is mó de chuid na Náisiún Aontaithe suite sa Ghinéiv.
Is síol faoi thíreolaíocht na hEilvéise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.