Share to: share facebook share twitter share wa share telegram print page

An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta

Bosca Sonraí EagraíochtaAn tÚdarás um Bóithre Náisiúnta
Sonraí
Cineálgníomhaireacht rialtais Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh23 Nollaig 1993
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1 Lúnasa 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitBonneagar Iompair Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

Is údarás in Éirinn é an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (i mBéarla: National Roads AuthorityNRA), atá freagrach do na bóithre náisiúnta sa tír. Cruthaíodh an NRA mar chuid den Roads Act, 1993, ag tosnú oibre ó 1 Eanáir 1994.

Tá na comhairlí contaetha fós freagrach as na bóithre áitiúla agus as teorannacha luais. Déanann an NRA pleanáil agus tógáil na bpríomhbhóithre náisiúnta – chomh maith le sábháilteacht na mbóithre. Déanann siad obair imshaolach agus seandálaíochta freisin, mar chuid de chlár tógáil na mbóithre.

Faoi láthair, tá an NRA an-ghnóthach le forbairt na bpríomhbhóithre agus cruthú na mótarbhealaí, mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP).

Struchtúr

Bíonn an ÚBN á stiúradh ag an mBord, a mbíonn ceithre dhuine dhéag air, an Cathaoirleach san áireamh. Bíonn na comhaltaí á gceapadh ag an Aire Iompair, agus aird aige/aici ar an taithí nó an saineolas/inniúlacht atá acu sna réimsí bainteacha, amhail cúrsaí bóithre, iompair, tionscail, tráchtála, airgeadais nó comhshaoil.

Ailt eile

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Kembali kehalaman sebelumnya