Is é is ábhar don leathanach seo ná an tír. Má tá suim agat i gciall eile atá leis an téarma seo, féach
Georgia (stát S.A.M.).
An tSeoirsia |
---|
საქართველო (ka) |
|
|
|
|
Aintiún | Tavisupleba |
---|
|
|
Mana | «Dzala ertobashia» |
---|
Ainmnithe in ómós | Seoirsigh |
---|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Príomhchathair | Tbilisi |
---|
|
Iomlán | 3,717,100 (2017) |
---|
• Dlús | 53.33 hab./km² |
---|
Déamainm | Seoirseach |
---|
Teanga oifigiúil | an tSeoirsis an Abcáisis (regional language (en) ) |
---|
Reiligiún | Georgian Orthodox Church (en) |
---|
|
Achar dromchla | 69,700 km² |
---|
Pointe is airde | Shkhara (en) (5,193.2 m) |
---|
Pointe is ísle | an Mhuir Dhubh (0 m) |
---|
Ar theorainn le | |
---|
|
Leanann sé/sí | Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Seoirsia |
---|
Cruthú | 1008 26 Bealtaine 1918: Neamhspleáchas 25 Feabhra 1921: RSS Georgia (Poblacht san Aontas Sóivéadach) 25 Nollaig 1991: Stát ceannasach |
---|
Saoire phoiblí | |
---|
Éarlamh | Naomh Seoirse |
---|
|
Córas rialtais | semi-presidential system (en) , stát aonadach, poblacht pharlaiminteach agus poblacht |
---|
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Seoirsia |
---|
Comhlacht reachtach | Parlaimint na Seoirsia |
---|
• Uachtarán na Seoirsia | Zviad Gamsakhurdia (1991–1993) |
---|
• Príomh-Aire na Seoirsia | Irakli Kobakhidze (2024–) |
---|
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Bhunreachtúil na Seoirsia |
---|
|
OTI ainmniúil | 24,605,375,420 $ (2022) |
---|
Airgeadra | lari na Seoirsia |
---|
|
Lonnaithe i gcrios ama | |
---|
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ge agus .გე |
---|
Glaochód | +995 |
---|
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 111, 113 agus 122 |
---|
|
Cód tíre | GE |
---|
|
Tír i gCugas is ea an tSeoirsia agus í ag críochantacht leis an Asarbaiseáin, an Airméin, an Tuirc agus an Rúis. Gruziya (Грузия) a thugtar uirthi as Rúisis, agus mar sin, feictear an leagan An Ghrúis sa Ghaeilge freisin. Is é an t-ainm atá ag muintir na Seoirsia ar a dtír ina dteanga féin ná Sakartvelo (საქართველო). Bhain an tír a neamhspleáchas amach sa bhliain 1991 ón Aontas Sóivéadach.
Daonra
Is í an tSeoirsis teanga oifigiúil na Seoirsia, agus tá aibítir dá cuid féin aici. Teanga Chugasach Dheisceartach is ea í, rud a chiallaíonn nach bhfuil gaol ar bith aici le bunús mór na dteangacha eile san Eoraip. Labhraítear roinnt mhaith teangacha eile sa Seoirsia, go háirithe Asarbaiseáinis (6.5 %) agus Airméinis (5.7 %). Tá dornán Rúiseach ina gcónaí sa tír fós, ach ó bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, d'fhág an chuid ba mhó acu an áit. Cloistear na teangacha Margaluri (Megreli), Svan, agus Laz in áiteanna. Tá gaol acu leis an Seoirsis, ach tá siad an-difriúil léi, agus mar sin, is é an dearcadh atá ag na teangeolaithe nach canúintí iad ach teangacha iontu féin. Agus an méid sin ráite, is í an tSeoirsis chaighdeánach an teanga a úsáideann lucht labhartha na dteangacha seo le haghaidh na litríochta is na léitheoireachta. Mar sin, murar canúintí iad, ní bhaintear ach úsáid na canúna astu. Tá Seoirsis nó ceann de na teangacha gaolmhara seo ag 83.8 % de mhuintir na tíre .
Cosúil leis an Airméin, is náisiún seanársa Críostaí í an tSeoirsia, agus eaglais náisiúnta ar leith ag na Seoirsigh. Mar sin féin, is Moslamach duine as gach deichniúr sa Seoirsia. Cuid mhór de na Moslamaigh sa tír, is Aidseáraigh iad, is é sin, Seoirsigh a chuaigh le hIoslam nuair a bhí na hOtamánaigh i seilbh na tíre. Is iomaí duine acu a d'iompaigh ina gCríostaithe nuair a bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, daoine óga ach go háirithe. Tá eaglais náisiúnta dá gcuid féin ag na hAirméanaigh freisin. Thairis sin, tá dornán beag Caitliceach agus Protastúnach ann, agus is é Ioslam reiligiún na nAsarbaiseánach sa tír.