Tír bheag i lár na hEorpa, in oirthear na nAlp is ea an tSlóivéin (Slóivéinis: Slovenija), go hoifigiúil Poblacht na Slóivéine (Slóivéinis: Republika Slovenija), le teorannacha leis an Ostair, an Iodáil, an Ungáir agus an Chróit.
Stair
Bhí tailte na Slóivéine mar chuid den Impireacht Naofa Rómhánach agus d'Impireacht na hOstaire go dtí 1918. Ag an am sin, chuaigh na Slóivéanaigh i bpáirt leis na Seirbiaigh agus na Cróátaigh chun stát nua ilnáisiúnta, an Iúgslaiv a bhunú.
D'fhan an tSlóivéin ina cuid den Iúgslaiv tar éis an Dara Cogadh Domhanda, faoi rialtas Cumannach
I 1991 d'éirigh leis an tSlóivéin a neamhspleáchas a bhaint amach tar éis chogadh deich lá.
Ar an 28 Meitheamh 1991, rinne trúpaí na hIúgslaive ionradh ar an tSlóivéin 48 uair an chloig tar éis a neamhspleáchas a fhógairt.
Mar gheall ar na naisc stairiúla le tíortha ar nós na hIodáile agus na hOstaire, ní raibh sé deacair don tSlóivéin dul i bpáirt arís leo.
Glacadh an tSlóivéin isteach san Aontacht Eorpach agus in ECAT sa bhliain 2004.
Tíreolaíocht
- Aeráid mheánmhuirí ar an gcósta, aeráid Alpach sa réigiún sléibhtiúil in aice na hIodáile agus na hOstaire.
- Daonra (2005): 2,011,070, ag titim go mall.
Tagairtí