Is é bá ná bás a fháil faoi uisce (de ghnáth) de cheal aeir (plúchadh).[1]
Contúirt
Nuair a dhéanann uisce fuar teagmháil le craiceann, bíonn an fhreagairt don suaitheadh fuar mar bhonn le smacht a chailleadh láithreach ar análú, meadhrán agus líonrith freisin b’fhéidir. Cuireann sé seo go mór leis an riosca a bhaineann le bá tobann fiú amháin má tá an t-uisce socair agus má tá an duine in ann snámh. I gcás na ndaoine a thagann slán, ach nach bhfuil ar a gcumas teacht amach as an uisce, bíonn fuarú colainne de réir a chéile mar bhonn le hipiteirme agus fuarú matán, rud a chiallaíonn go mbíonn sé deacair nó dodhéanta fiú leanúint ar aghaidh ag snámh.[2][3]
Is féidir le snámh in uisce fuar fuarú tapa na matáin a theastaíonn chun snámh agus fanacht ar snámh. Éiríonn leanaí fuar níos tapúla ná daoine fásta.[3]
Mórthimpeall an tí
Gach bliain, faigheann leanaí bás i dtimpistí bá ina dtithe féin nó in aice lena dtithe féin. Is iad leanaí is mó atá i mbaol mar go mothaíonn siad go bhfuil a dteach féin sábháilte ach is iomaí dainséar atá ann.[3]
Sruthanna cuilitheála
Is sruthanna láidre iad cuilitheálacha[4] a thosaíonn gar don chladach agus a théann amach i dtreo na farraige go tapa, agus go tobann ní bhíonn daoine ar a gcompord san uisce, bíonn siad imithe ón uisce éadomhain agus i lár an uisce níos doimhne. Is iad na sruthanna cuilitheála an baol is mó do gach duine a thugann aghaidh ar an trá. Tá siad thar a bheith dainséarach i gcás snámhaithe laga agus neamhshnámhaithe. Go hiondúil, foirmíonn sruth cuilitheála ag spotaí nó eangphointí i nguairí, agus in aice le struchtúir cosúil le gradhana, céanna agus cuanta freisin.[3]
Bá in Éirinn
Bhí 590 duine báite in Éirinn 2017-2021, nó deichniúr ar an meán á mbáthadh sa tír gach mí, de réir thaighde foilsithe ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann.. Anuas atá an treocht; báthadh 93 in 2022, agus 78 in 2023.[5]
Tá daoine á mbáthadh ag gach tráth den bhliain ar muir agus ar bhealaí uisce in Éirinn. Fir agus buachaillí 70% dóibh agus bhí níos mó ná leath den iomlán meánaosta, idir 40 agus 69 bliain d'aois. Cois cósta a báthadh 80% de na daoine. Ach baineann 60% den líon daoine a báthadh tré thimpiste le imeachtaí ar tír, ar nós daoine ag siúl aille nó ag siúlóireacht nó ag sealgaireacht.[6][5] Is fachtóir é alcól in aon trian de na bá.[7]