Is í Barcelona príomhchathair na Catalóine agus is ceann de mhórchathracha na hEorpa í. Tá sí suite in oirthuaisceart na Spáinne agus is í an dara cathair is mó sa Spáinn í. Tá timpeall is 1,583,000 ina gcónaí sa chathair agus tá timpeall 4,042,000 ina gcónaí sa limistéar uirbeach. Is í an Chatalóinis an phríomhtheanga a labhraítear ann.
Is é F.C. Barcelona príomhchlub sacair na cathrach. Tá aithne ar an gcathair freisin mar gheall ar a stair ealaíonta, go háirithe obair an ailtire Gaudì (na tithe Casa Milà (La Pedrera) agus an Casa Batlló ar an bPasseig de Gràcia agus an eaglais an Sagrada Família), iarsmalann Fundació Joan Miró agus iarsmalann Pablo Picasso. Tá go leor ceantar difriúil sa chathair. Is dócha gurb iad na cinn is cáiliúla ná an Barri Gòtic (seanchathair) agus La Rambla, siúlóid mhór fhada a théann síos chuig an bhfarraige ón bpríomhchearnóg, Plaça Catalunya.
Aimneacha
Tagann an t-ainm Barcelona ón tSean-Ibéarais Barkeno, fianaise déanta le hinscríbhinn ar sheanbhonn sa scríobh Ibéarach.
Féach freisin
Áiteanna
Spórt
Saol
Tagairtí
| Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |