Sa Rúraíocht, ba é Bricriu óstach (brughaidh), file agus scabhaire. B'olc sin a scabhaireacht gur dhíbrígh Conchúr mac Neasa é go dtí a theach féin ag Dún Rudhraí (Dún Droma, Contae an Dúin an lae inniu).
D'eagraigh Bricre fleadh tráth do Chonchúr agus laochra na nUladh ag a ghabháltas, ag tógáil seomra bia flaithiúil, sómhar, agus ríchathaoir niamhrach ann, ach dhúíltigh na hUladh dul chuige, agus é droch-chlúiteach. Bhagair Bricre iad a chuir salach ar a chéile, athair in aghaidh mic, máthair in aghaidh iníne, agus in ndeireadh na dála, bean in aghaidh mná, go dtí go mbuaile a chéile iad lena gcuid cíche go n-éirí a gcuid bainne géar.
Ag an bhfleadh, gheall sé an churadhmhír (nó cuid/roinnt an chosantóra) go Cú Chulainn, ansin go Conall Cearnach, ansin go Laoghaire Buach, agus ghabh na trí laoch ar aghaidh in iomaíocht an onóra. Tugadh dúshláin, le Ailill agus Méabh na gConnacht, nó Cú Raoi na Mumhan mar bhreithimh. Bhuaigh Cú Chulainn gach triail, ach níor ghlac le Conall ná Laoghaire an cinneadh.
Sár i bhfad, thug Cú Raoi, curtha as aithne mar fhathach, dúshlán do na trí laoch, a cheann a bhaint de, ach ansin é a cheadaigh, filleadh ar ais agus a gceann a bhaint díobhse. D'éirigh ach le Cú Chulainn sa triail seo, agus bronnadh an churadhmhír air.
San Eachtra Nearai, bhí Bricre ag magadh Fhearghas agus a chumas canta, á chur i gcomparáid le búir bulláin. Bhuail Fearghas é le cúig phíosa fichille, á loite go trom.
Ag deireadh an Táin Bó Cuailgne, fuair Bricriu bás ag Cruachan, tar éis dó dhá tharbh satailt air agus iad ag troid.