Fisiceoir a rugadh in Angoulème na Fraince ab ea Charles Augustin de Coulomb (14 Meitheamh1736 – 23 Lúnasa1806). Rinne sé taighde ar fhrithchuimilt, agus cheap an toirsiúnmeátán an-íogair chun na fórsaí aomtha leictreacha is maighnéadacha a thomhas. Chruthaigh sé dlí Coulomb i 1785: bíonn an fórsa idir dhá lucht leictreacha díreach i gcomhréir le hiolrú na luchtanna, agus i gcomhréir inbhéartach leis an bhfad eatarthu cearnaithe. Más iad p is q an dá lucht, agus d an fad eatarthu, is é an fórsa eatarthu F = p q/(4 π ε0 d2), agus is tairiseach ε0 (= 8.854 × 10-12 N m2) a dtugtar ceadaíocht saorspáis air. Bíonn an fórsa seo dírithe ar feadh na líne idir na luchtanna, i dtreo a chéile (aomadh) más luchtanna neamhchosúla iad, amach ó chéile (éaradh) más luchtanna cosúla iad. Ainmnítear aonad an luchta leictrigh, an cúlóm, as.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.