Saolaíodh Ian Paisley ar 6 Aibreán1926 in Ard Mhacha. Ach d'fhás sé aníos i mBaile Meánach, áit a raibh a athair ina mhinistir do na Baistithe Neamhspleácha.
B'é a mháthair, Isabella Paisley ó Albain, a chuir i dtreo an tSoiscéalachais é nuair a bhí sé sé bliana d'aois.
Nuair a chríochnaigh sé a chuid scolaíochta i mBaile Meánach, chuaigh sé ag obair ar fheirm i gContae Thír Eoghain.
Preispitéireachas
Bhí Paisley ar duine acu a bhunaigh Eaglais Shaor-Phreispitéireach Uladh agus ina Mhodhnóir ar an eaglais chéanna.
Nuair a bhí Paisley ina dhéagóir, agus an dara cogadh domhanda ar siúl, mhothaigh Paisley gur chóir dó dul le reiligiún mar shlí bheatha, agus rinne sé staidéar ar an diagacht i gcoláiste bunúsaíoch sa Bhreatain Bheag agus i mBéal Feirste, cé nár bhain sé amach céim i gceachtar den dá scoil.
Oirníodh Paisley mar mhinistir Protastúnach i mBéal Feirste sa bhliain 1946. Bhí ministrí ó cheithre eaglais éagsúla páirteach sa t-searmanas, ach bhí sé ina ábhar conspóide i gcónaí, an raibh údarás ceart eaglasta acu le páirt a ghlacadh nó le dintiúirí a bhronnadh ar Phaisley. Ina dhiaidh sin, bhí deacrachtaí ag Paisley cead seanmóireachta a fháil ón Eaglais Phreispitéireach, agus sa deireadh thiar thall, bhunaigh sé agus lucht a thacaíochta an Eaglais Shaor-Phreispitéireach ar an gCrois Ghearr ar Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 1951.
An dochtúireacht a bhí ag Paisley, ba dochtúireacht oinigh é a fuair sé ó Ollscoil Bob Jones. Coláiste bunúsaíoch Críostaí is ea an ollscoil seo agus í lonnaithe i nGreenville i gCarolina Theas sna Stáit Aontaithe. Bhí Paisley mór le mac an fhir a bhunaigh an ollscoil, Bob Jones Jr., ceannaire bunúsaíoch Críostaí sna Stáit a fuair bás sa bhliain 1997. Bhí dlúthchaidreamh ag Paisley le hOllscoil Bob Jones, agus é ag labhairt go poiblí ansin ó am go ham.
Bhunaigh Paisley nuachtán dá chuid féin, an Protestant Telegraph, lena theachtaireacht féin a reic. Níos déanaí, bhí suíomh gréasáin aige, Institiúid Eorpach an Léinn Phrotastúnaigh[2], a dhéanann an gnó céanna. Bhí an dúrud leabhar, bileog agus paimfléad scríofa aige ina bpléann sé cúrsaí an reiligiúin agus na polaitíochta, agus a chuid scríbhinní á ndíol go fairsing sna Stáit Aontaithe féin, rud a chinntíonn teacht isteach maith do Phaisley agus a mhuintir.
Sa bhliain 1956, bhunaigh Paisley agus roinnt Phrotastúnach eile an eagraíocht úd UPA, nó Gníomhaíocht Phrotastúnach Uladh. Bhí cuid mhór de bhunaitheoirí na heagraíochta seo le ról tábhachtach a dhéanamh i saol na nAontachtóirí sna blianta a bhí le teacht. Go bunúsach, bhí an tUPA ceaptha le haghaidh téisclime roimh ionsaithe an IRA trí dhaoine saorthoilteanacha as measc an phobail a earcú le dul ar patról, trí bharacáidí a thógáil agus trí shúil a choinneáil ar dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ag comhoibriú leis an IRA. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh gá le gníomhaíocht shaorthoilteanach den chineál sin san am, ós rud é gurbh é Feachtas na Teorann an chloch ba mhó ar phaidrín an IRA san am. Mar sin féin, fágadh struchtúr an UPA gníomhach, agus bhain Paisley úsáid as lena theachtaireacht féin a reic ag cruinnithe. B'ansin a tharraing sé súil an tsaoil mhóir air féin an chéad uair, agus é ag tarraingt trioblóide agus corraíola lena chuid óráidí binbe.
Sna seascaidí, bhí Paisley ar thús cadhnaíochta ag cur in aghaidh an dóigh a raibh Terence O'Neill, príomh-aire an Tuaiscirt, ag iarraidh comhréiteach a shocrú agus spiorad dea-chomharsanachta a chothú le Poblacht na hÉireann.
B'ionann sin, dar le Paisley, agus tréas, go háirithe nuair a chuaigh an Niallach i dteagmháil phearsanta le Seán Lemass, Taoiseach na Poblachta. Cé gur pragmatach agus praiticiúil ab ea Lemass, cosúil leis an Niallach féin, bhí Paisley an-mhímhuiníneach as, ó ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca ina óige. Chuir Paisley in aghaidh iarrachtaí an Niallaigh cearta mionlaigh a bhronnadh ar na Caitlicigh agus stop a chur le cleachtais áirithe a bhí ag buanú drocháit na gCaitliceach sa tsochaí, ar nós chlaonroinnt na dtoghlach.
B'é an mana a bhí ag Paisley ná "ní ghéillfear!"[1], is é sin, níor chóir cearta sibhialta ar bith a ghéilleadh do na Caitlicigh, ós rud é gur dual dóibh bheith mídhílis don Choróin. Bhí Paisley go minic anuas ar chomharbaí Uí Néill, mar atá, Brian Faulkner agus James Chichester-Clark, toisc nach raibh siad sách dian ar na Caitlicigh, dar le mo dhuine.
1969
I Mí na Márta 1969, chaith Paisley seal sa phríosún in éineacht le Major Ronald Bunting. Bhí an bheirt sin i ndiaidh frithléirsiú neamhdhlíthiúil a chóiriú mar agóid in aghaidh an mhórshiúil a bhí ag Cumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann (NICRA) in Ard Mhacha. D'fhág Paisley an príosún nuair a fuair ciontóirí polaitiúla pardún ginearálta.
Íorónta go leor, cé gur Protastúnach a bhí ann, chuaigh mac Ronald Bunting, Ronald Óg nó Ronnie Bunting le Poblachtánachas ina dhiaidh sin, agus é ar duine de bhunaitheoirí an INLA.
1970idí
Ar an 16 Aibreán1970, bhuaigh Paisley suíochán i bParlaimint Thuaisceart Éireann. Ansin ar an 18 Meitheamh 1970, toghadh Paisley chun na parlaiminte i Westminster. Bhí air cúl a thabhairt lena shaol príobháideach nuair a thug sé aghaidh ar an bpolaitíocht. Bhí Paisley ansin ina cheannaire ar an bPáirtí Aontachtach Daonlathach ón bhliain 1971 go 2008[2]
De réir cáipéisí de chuid Rialtas na Ríochta Aontaithe a tháinig chun solais sa bhliain 2002, d'fhéach Paisley le comhréiteach a bhaint amach leis an SDLP sa bhliain 1971, agus an Rúnaí Caibinéid Sior Burke Trend ina idirghabhálaí eatarthu. Thug Paisley le fios go bhféadfadh sé "socrú a chur ar bun leis na ceannairí Caitliceacha agus córas nua rialtais a thógáil ar an dúshraith seo".
Dealraíonn sé, áfach, nach bhfuair Paisley ach an dubheiteach, nuair a tuigeadh don SDLP go mbeadh an comhréiteach seo féin ag fabhrú do na hAontachtóirí i gcónaí. Seo an méid a bhí le rá ag Paisley féin i dtaobh an chomhréitigh:
Ní raibh an SDLP sásta téanachtaint linn an bealach ba mhian linn. Ní dhéarfainn go raibh comhchainteanna ann, ach d'éist muid le tuairimí is le dearcaíocha a chéile, ach níor tháinig aon fhorbairt air sin. Bhí muid ullamh triail a bhaint as dóigheanna nua le Tuaisceart Éireann a rialú, iontas go mbeadh lucht an dá chreideamh sásta leis an gcineál rialtais a bheadh ann, ach b'é an eochair é go gcaithfeadh an duine a raibh an chumhacht aige an chumhacht sin a fháil ó na daoine.
Bhí Paisley míshásta leis an dóigh ar chuir rialtas Edward Heath Parlaimint Thuaisceart Éireann ar fionraí sa bhliain 1972 leis an stáitín a rialú go díreach ó Londain.
Chuir Paisley in aghaidh Chomhaontú Sunningdale, arbh iarracht uaillmhianach é le baint Phoblacht na hÉireann, Thuaisceart Éireann agus na Ríochta Aontaithe le chéile a athshainiú ó bhonn. Bhí an comhaontú seo ag gealladh comhrialtas an dá phobal (nó Coiste Feidhmiúcháin Cumhachtroinnte), chomh maith le Comhairle na hÉireann a nascfadh an dá stát ar oileán na hÉireann ar leibhéal dlíthiúil (cé nach n-athródh sí stádas bunreachtúil an stáitín). Bhí an-pháirt ag lucht leanúna Paisley sa stailc a chuir comhaontú Sunningdale ar neamhní.
An Eoraip
Bhí Paisley ina Fheisire Eorpach do Thuaisceart Éireann sna blianta 1979-2004.
Ord Oráisteach
Bhí Paisley ina baill de na Printisigh, eagraíocht na nDílseoirí i nDoire. Bhí sé ina bhall den Ord Oráisteach freisin, tráth. Sa bhliain 1962, áfach, chuaigh ball sinsearach dá lóiste ag éisteacht Aifrinn Chaitlicigh. D'éirigh Paisley as an eagraíocht mar agóid, nuair nach bhfuair an "fealltóir" an pionós ba chuí dó, dar le Paisley. Bhí baint aige leis an Ord Oráisteach Neamhspleách, agus é ag óráidíocht ar a bhfeis siúd gach bliain, ar an dóú lá déag de Mhí Iúil.
Ar Scor
Tar éis do Paisley éirí as Teach na dTeachtaí, uaislíodh é ar an 18 Meitheamh2010 nuair a rinneadh Barún Thaobh na Banna, as Aontroim Thuaidh i gContae Aontroma, de.