Tugtar iriseoir ar dhuine a scríobhann nó a bhailíonn eolas i bhfoirm nuachta a fhoilsítear sna nuachtáin, nó a chraoltar ar an raidió nó an teilifís.[1]
Ar an 2 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta um Dheireadh leis an tSaoirse ó Phionós i gcás Coireanna in aghaidh Iriseoirí.
Obair
Níl an iriseoireacht furasta mar obair. Mar shampla, b’fhearr lena lán léitheoirí go minic altanna a léiríonn cinnteacht agus atá ag teacht lena réamhchlaonta fhéin faoi ábhar, seachas alt a léiríonn go bhfuil castacht agus éiginnteacht ag baint leis an scéal. Ach is annamh a ndéantar scagadh tomhaiste ar an bhfianaise a thacaíonn le téis áirithe agus ar an bhfianaise a bhréagnaíonn é. Tosaíonn iriseoirí uaireanta le freagra na ceiste agus ansin téann siad ag lorg na fianaise chun é a chruthú (nó níos measa, ag lorg fianaise chun téis nó réamhchlaonadh áirithe a chruthú).[2]
Iriseoirí a maraíodh
Is obair chontúirteach í amanna.[3] Mar shampla sna 1990idí, bhí Veronica Guerin ag obair mar iriseoir imscrúdaitheach dúnmharaíodh Veronica Guerin i mBÁC ach rinne mangairí drugaí slad uirthi sa bhliain 1996.
Hitlers Eliten nach 1945. Journalisten - Diener der Macht. Dokumentation, 45 Min., ein Film von Wilhelm Reschl und Kurt Schneider, Produktion: SWR, Erstsendung: 15. Juli 2002, Inhaltsangabe vom WDR, (Filmfotos)