Fear gnó agus ciontóir gnéis mór le rá as na Stáit Aontaithe ba ea Jeffrey Epstein (20 Eanáir 1953 – 10 Lúnasa2019).
Bhí Epstein ciontaithe in 2008 as coireanna a bhain le striapachas is striapachas leanaí sna 2000idí. Saor ón phríosúin sna 2010idí, bhí sé ciontaithe i sraith cúiseanna eile a bhain le mí-úsáid ghnéis agus mangaireacht ban óg. Chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún i Nua-Eabhrac sa bhliain 2019.
Saol
Ciontaíodh Epstein i sraith cúiseanna a bhain le mí-úsáid ghnéis agus mangaireacht ban óg.[2] Cláraíodh Epstein mar chiontóir gnéis agus phléadáil sé ciontach i gcás i Florida in 2008 as striapachas a lorg ó chailín sna déaga.
Faoi 2010 bhí a thréimhse príosúnachta curtha isteach aige. É saor arís agus a shaol ag leanúint ar aghaidh mar ba ghnáth. Lean sé ar aghaidh ag gáinneáil cailíní sna 2010idí. D’fhéadfadh líon na n-íospartach a bheith níos mó ná 100.[3]
Gabhadh Epstein i mí Iúil 2019 ar tháillí feidearálacha gáinneála gnéis.[3] Chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún ar 10 Lúnasa2019.[4]
Oidhreacht
Sa bhliain 2021, fuarthas a chara Ghislaine Maxwell ciontach i ngáinneáil ar chailíní óga ar son Epstein
I mí Iúil 2020, i Nua-Eabhrac, eisíodh cáipéisí a mhaígh go ndearna Epstein iarracht fianaise inchoiritheach ar Phrionsa Andrew a fháil.[5] Dúradh sna páipéir gur chuir Epstein brú ar chailín faoi aois caidreamh collaí a thosú leis an Phrionsa ar oileán príobháideach in Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean.[6] Níor séanadh go raibh an prionsa cairdiúil le Epstein ach séanann sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[2][7] Faoi dheireadh bhí socrú déanta lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre. Gheall Andrew go léireoidh sé aiféala as an gceangal a bhí aige leis an bhfear mór airgid, Jeffrey Epstein; go labhróidh sé amach in aghaidh gháinneáil ar ghnéas agus go dtacóidh sé leis na híospartaigh ar fad a d'fhulaing dá bharr.[8]
Sa bhliain 2023, d'íoc an banc JP Morgan €270 milliún d’íospartaigh Epstein chun cás cúirte a shocraigh. Bhí caidreamh fadtéarmach ag JP Morgan le Epstein.[3] Mhaígh cás cúirte na n-íospartach gur thug JPMorgan neamhaird ar rabhadh arís agus arís eile go raibh Epstein ag gáinneáil cailíní sna déaga agus mná óg