Gineolaí Éireannach ba ea John O'Hart (1824–1902).[1] Rugadh é i gCrois Mhaoilíona, Contae Mhaigh Eo. Caitliceach Rómhánach agus náisiúnaí Éireannach díograiseach, bhí sé ar intinn ag O'Hart éirí ina shagart ach ina ionad sin chaith sé dhá bhliain ina gharda. Bronnadh Associate in Arts air ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. D'oibrigh sé sa Commissioners of National Education le linn an Ghorta Mhóir. D'oibrigh sé mar ghineolaí agus bhí suim aige i stair na hÉireann. Fuair sé bás sa bhliain 1902 in Cluain Tarbh, agus é 78 bliain d'aois.
Foilsíodh a shaothar Irish pedigrees; or, The origin and stem of the Irish nation don chéad uair sa bhliain 1876, agus go leor eile ó shin i leith. Foilsíodh The Irish and Anglo-Irish landed gentry le 800 leathanach, don chéad uair sa bhliain 1884, agus arís sa bhliain 1969, agus réamhrá ann le hEdward MacLysaght, céad Príomh-Aralt na hÉireann.
Bhí Cú Choigcríche Ó Cléirigh, Dubhaltach Mac Firbhisigh agus Ó Fearghail, i dteannta le hAnnála na gCeithre Máistrí, ina bhfoinsí dó dosna ginealaigh mheánaoiseacha. Do ghinealaigh ina dhiaidh sin, bhain sé úsáid as saothair le Bernard Burke, John Collins agus eile.
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |