Bhí Taylor ar dhuine de bhunaitheoirí na gluaiseachta chun an rochtain chéanna a bheith ag gach saoránach faoin dlí, agus ina dhiaidh sin bhí sé ar an gcéad Aire sa Roinn Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.
Cuimhneofar air as cuid den reachtaíocht a thug sé isteach, lena n-áirítear an tAcht um Fhoréigean Baile, bunú an Údaráis Náisiúnta Míchumais, agus ceadú reifreann an cholscartha.
Cuireadh páipéir de chuid Mervyn Taylor maidir leis an am a bhí sé ina Aire Comhionannais agus Athchóirithe Dlí[2] (1993-97) i dtaisce i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus tá léargas le fáil ansin ar an bpáirt a bhí aige mar an Aire a bhí freagrach as an leasú ar an mBunreacht agus as an Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996 a tháinig ina dhiaidh.[3]