Staraí, gníomhaí teanga, oideachasóir agus feimineach ab ea Máire Ní Aodáin nó Mary Hayden (19 Bealtaine 1862 – 12 Iúil 1942), an chéad Ollamh le Nua-Stair i gCOBÁC,[1]
Staraí
Chuir Úna Ní Fhaircheallaigh ina luí ar Mháire Ní Aodáin iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Shinsearach na hOllscoile Ríoga, mar iarracht dúshlán a thabhairt don tuairim go raibh scoláirí ban neamh-incháilithe le haghaidh dámhachtainí den sórt sin.
Foilsíodh 'A short history of the Irish people from the earliest times to 1920' le Mary Hayden and George Moonan sa bhliain 1921, an leabhar staire ba mhó díolachán riamh in Éirinn.[2] Ba é an téacsleabhar oifigiúil sna meánscoileanna é ar feadh breis agus 30 bliain.[3]
Sufraigéid
I Samhain 1915, bhunaigh Mary Hayden, in éineacht le Mary Louise Gwynn, an Cumann Caitliceach um Cheart Vótála do Mhná.[4]
Oideachasóir
Bhí Hayden an-díograiseach ag cur oideachais do mhná chun cinn. I 1902, in éineacht le Úna Ní Fhaircheallaigh, chabhraigh sí leis an gCumann Céimithe na mBan agus Ábhair Chéimithe a bhunú, d’fhonn comhdheiseanna san oideachas ollscoile a chur chun cinn.
Bhí Hayden ina stiúrthóir ar Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann.
Gníomhaí Gaeilge =
Bhí dúil ag Hayden in athbheochan na Gaeilge. Ba bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge í. Foilsíodh i 1910 a leabhrán 'Facts about the Irish language and the Irish language movement'.[5]
Deirtear gurbh í an cara mná ba mhó ag an bPiarsach í. Bhí sí ina stiúrthóir aige ar bhord Scoil Éanna.
Saol pearsanta
Níor phós Hayden riamh. Bhí sí geallta le Arthur Conan (1866-1903). Bhí seisean i ndrochshláinte agus d’éag sé san Afraic Theas ar an 13 Lúnasa 1903.
Tagairtí