Is láithreoir teilifíse agus fuirseoir Éireannach é Patrick Kielty (a rugadh ar 31 Eanáir 1971). Is as Dún Droma (an Dún) ó dhúchas do Kielty. Maraíodh a athair le linn na dTrioblóidí sna Sé Chontae.
Sa bhliain 2023, nuair a d'éirigh Ryan Tubridy as mar láithreoir den Late Late Show, ceapadh Kielty mar láithreoir nua. Measadh go mbeadh sé in ann dul i ngleic le topaicí tromchúiseacha chomh maith le hábhair éadroma.[1] Chuir sé tús le séasúr nua ar 15 Meán Fómhair 2023.[2][3]
Féach freisin
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |