Is toghcheantar parlaiminte suite i bPoblacht na hÉireann é Port Láirge. Is Dáilcheantar 4 suíochán é seo. Contae Phort Láirge ar fad atá ann idir chathair is chontae.
San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Matt Shanahan, David Cullinane (SF), Marc Ó Cathasagh (na Glasaigh) agus Mary Butler (FF). Bhí a dhóthain vótaí ag David Cullinane (SF) le beirt a thoghadh in 2020. Fuair sé 20,569 vóta ach ar an drochuair don pháirtí ní raibh an darna hiarrthóir ag Sinn Féin le buntáiste a bhaint as an rabharta tacaíochta a fuair Sinn Féin. Fuair Marc Ó Cathasagh 3,996 vóta in 2020 ag tráth a raibh bá leis na Glasaigh.[1]
Iarrthóir cathrach é Matt Shanahan, a throid an toghchán in 2020 go príomha mar gheall ar easpa seirbhísí cúram croí san ospidéal i bPort Láirge. Fuair sé 4,990 vóta in 2020 agus 1,725 vóta aistrithe ó fharasbarr David Cullinane.
Ní raibh aon suíochán sa Dáilcheantar le linn 2020-2024 ag Fine Gael. In 2020 chaill siad an suíochán a bhíodh ag John Deasy (FG) de bharr drochráta aistrithe idir a mbeirt iarrthóirí, John Cummins (FG) agus Damien Geoghegan (FG). Cé go raibh beagnach cuóta idir an bheirt níor aistríodh ach 28% den vóta a bhí ag Geoghegan (FG) chuig Cummins (FG), agus chaill Fine Gael an suíochán a fuair an Comhaontas Glas.[1]
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, bhí cúigear déag iarrthóirí sa tóir ar cheithre shuíochán. Bhí an ceathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020 ag seasamh arís: an tAire Stáit Mary Butler (FF); David Cullinane (SF); Marc Ó Cathasaigh (CG) agus Matt Shanahan (Nspl).