B'é Saddām Hussein ʻAbd al-Majīd al-Tikrīt (28 Aibreán, 1937 - 30 Nollaig, 2006), uaireanta litrithe mar Husayn nó Hussain; (Araibis: صدام حسين عبد المجيد التكريتي) uachtarán na hIaráice ó 1979 go 2005.
Teacht i gcumhacht
Tháinig Saddam chun cinn mar bhall de Pháirtí Ba'ath na hIaráice. Bhí páirt lárnach aige i Réabhlóid an 17ú Iúil sa bhliain 1968.
Gan mórán moill, rinne Leas-Uachtarán de, faoi cheannasaíocht an Ghinearáil Ahmed Hassan al-Bakr. Bhí an Ginearál ag dul in aois agus bhí lán muinín aige as Saddam mar fhear láidir a choimeádfadh a chuid céilí comhraic agus naimhde ón doras.
Le linn na 1970idí, dhaingnigh sé a dhlúth-ghreim ar gach ní den rialtas agus chuir airgead nua ola le borradh as cuimse le geilleagar na tíre. Cé go raibh a chomh-Sunnaígh ach ina mionlach beag sa tír, orthu siúd a bhronn sé na poist ba mhó.
Cogadh Iaráin - Iaráic
Ar an 22 Meán Fómhair1980, rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin. Idir na blianta 1980-1988, maraíodh b'fhéidir 1,000,000 ar an dá thaobh[1]. Úsáideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh, go háirithe i mBaşûr (An Chordastáin Theas san Iaráic).
Thacaigh an tIarthar le Saddam Hussein.[2] Chuir an cogadh tús le breis imní i dtaobh soláthairtí ola agus thug sé spreagadh láidir maidir le dlús a chur le forbairt foinsí eile fuinnimh.[3]
Cogadh na Murascaille
I ndiaidh dó cogadh a throid i gcoinne na hIaráine, rinne Saddam Hussein, ionradh ar Chuáit in 1990. Spreag sé seo Cogadh na Murascaille in 1990-1991, cogadh a chaill an Iaráic.[4]
Bhí an bua ag na gComhguallithe ar an 28 Feabhra1991, ach níor cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein. Agus iad ag teith ó Chuáit, dhóigh na hIarácaigh a lán de na tobairola atá go flúirseach sa tír seo.
Tar éis Cogadh na Murascaille, bhí cuid mhór daoine buartha go raibh Saddam Hussein go fóill ag leanúint leis ag tógáil airm ollscriosta.
Cogadh na hIaráice
Ar an 19 Márta2003 chuir an chomhghuaillíocht tús leis an gcogadh in aghaidh Saddam Hussein[5].
Rinne comhghuaillíocht ina raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá sa diallait air ionradh ar an Iaráic chun Saddam a ruaigeadh as oifig. Bhí Uachtarán na Stáit Aontaithe George W. Bush agus Príomhaire na Breataine Tony Blair ag cur ina leith le fada an lae ach go míchruinn, go raibh airm ollscriosta ina seilbh aige, gan trácht ar nascanna le h-al-Qaeda
Gabháil agus bású
Ar an 13 Nollaig2003 ghabh trúpaí Mheiriceá Saddam Hussein.[6] Thosaigh triail os comhair Bhinse Speisialta na hIaráice ar 19 Deireadh Fómhair 2005, inar cúisíodh Saddam Hussein agus seachtar eile i gcoireanna in aghaidh na daonnachta i dtaca le Sléacht Dujail sa bhliain 1982.[7][fíoras?]
Ciontaíodh é agus gearradh pionós an bháis air ar an 5 Samhain 2006. Rinne Amnesty International agus grúpaí eile cáineadh géar, ag rá gur chuir an rialtas isteach ar na breithiúna agus go raibh srianta míchuí ar abhcóidí na gcosantóirí. Ina theannta sin, ba mhór an cáineadh a rinneadh ar an méid tionchair a bhí ag údaráis SAM ar thionscnamh agus ar riaradh na n-imeachtaí in aghaidh Saddam agus a chomh chosantóirí.
Crochadh Saddam i "Camp Justice", suite i Kazimain in aice le Bagdad ar 30 Nollaig2006.[8] Crochadh é sular cuireadh tháinig triail eile chun críche, inar cúisíodh i gcinedhíothú é, i dtaobh fheachtas Anfal ag deireadh na 1980idí.
Cogadh na hIaráice. Maraíodh 100,000 sibhialtach, ar a laghad, idir 2003 agus 2007 ,,, is dócha i bhfad níos mó. De réir PLOS, fuair 405,000 bás, díreach agus indíreach, idir 2003-2011.[9][10]