Is é Saorstát Éireann an stát a bunaíodh i sé chontae fichead na hÉireann, ar an 6 Nollaig 1922, i ndiaidh shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh. Mhair an Saorstát go dtí gur tháinig Bunreacht na hÉireann i bhfeidhm sa bhliain 1937.
Bunreacht
Bhí rí Shasana ina cheann stáit ar an Saorstát, agus Seanascal Shaorstát Éireann ina ionadaí aige sa stát. Chaithfeadh na Teachtaí Dála móid dílseachta a mhionnú don Rí sula nglacfaidís a suíocháin sa Dáil.
Stair
Ar an 6 Nollaig 1922, ghlac an rialtas le forálacha an Chonartha Angla-Éireannaigh agus rinneadh tiarnas de chuid Impireacht na Breataine d’Éirinn go hoifigiúil.[1] Ceaptar LT Mac Cosgair ina Uachtarán ar Ard-Chomhairle Shaorstát Éireann.
Cé go raibh stádas an Tiarnais ag an Saorstát, bhí níos mó saoirse aige ná ag na Tiarnais eile. Éireannach ab ea an Seanascal, ach muintir isteach ab ea na Gobharnóirí Ginearálta sna tiarnais eile, fir uaisle Ghallda ón mBreatain Mhór de ghnáth.
Theastaigh ó na hÉireannaigh poblacht a chur ar bun mar sin féin, agus rinne rialtas an tSaorstáit a ndícheall leis an gcuspóir sin a bhaint amach seachas cogadh nua a tharraingt anuas ar an tír.
Sa bhliain 1931, d'achtaigh Parlaimint na Ríochta Aontaithe an reacht ar ar tugadh Reacht Westminster; bhí na tiarnais éagsúla a gcuid dlíthe féin a reachtú beag beann ar an mBreatain Mhór.
Ghlac lucht rialtais na hÉireann buntáiste ar an reacht seo lena mbunreacht féin a chur i bhfeidhm, Bunreacht na hÉireann, sa bhliain 1937.
Féach freisin
Tagairtí