Is gluaisteán é veain (nó iomparán[1] nó gluaisvaigín) ina n-iompraítear earraí nó chun grúpa daoine a iompar. Más earraí atá á n-iompar, ní bhíonn suíocháin san veain agus bíonn slí ann chun ualach nó lasta mór a iompar. Go minic ní bhíonn fuinneoga ar na hiomparáin a iompraíonn lasta. Ach má tá daoine á n-iompar, bíonn gá le suíocháin agus fuinneoga a bheith ann.
Is féidir le veain a bheith beag nó mór. Tugtar “veain” ar ghluaisteán nach bhfuil fuinneoga air agus a iompraíonn earraí ach atá cosúil le gnáthghluaisteán ina mbíonn daoine ag taisteal. Tugtar ”veain“ freisin ar ghluaisteán mór fada atá deartha chun lasta mór a iompar. Ní bhíonn iontu ach suíochán nó dhó don tiománaí agus cúntóir(í).
Baineann gnólachtaí feidhm as veaineanna go formhór mar bhíonn orthu earraí nó trealamh nó bearta nó rudaí eile a bhogadh ó áit go háit. Tá veaineanna an-oiriúnach don obair seo mar tá slí iontu chun lasta a iompar. Braitheann an geilleagar nua-aimseartha go huile is go hiomlán ar earraí a bhogadh ó áit go háit, mar sin tá veaineanna, leoraithe, agus trucailí fíorthábhachtach.
Téarma Gaeilge
Deirtear gurb é Cathal Ó Sándair a chum an focal “iomparán” chun cur síos ar an gcineál gluaisteáin seo. Deirtear an focal “veain” sa Ghaeilge go minic, focal a tháinig go díreach ón bhfocal Béarlavan, ach tá fadhb ag baint leis an bhfocal áirithe seo. An fhadhb atá ann ná go bhfuaimnítear “an veain” díreach mar a fhuaimnítear “an bhean”, agus mar aon leis sin, is focail bhaininscneacha an dá fhocal. Is fusa idirdhealú a dhéanamh eatarthu sa scríobh ach ní féidir idirdhealú a dhéanamh eatarthu sa chaint. Cloistear tuairisc corruair ar Raidió na Gaeltachta faoi “veain mhór bhán” nó “sean veain shalach”. Tá sé ráite ag daoine gur cheap siad gur faoi bhean a bhí an scéal agus gur náireach an rud é go raibh lucht an raidió ag cur síos uirthi mar sin. Sin an fáth a mholtar leas a bhaint as an bhfocal iomparán, in ainneoin gur annamh a chloistear é, ionas nach mbeidh aon mhíthuiscint mhí-ámharach ann.