Cartúnaí, ealaíontóir is maisitheoir leabhar a rugadh i Londain ab ea William Heath Robinson (1872-1944). An-cháil air as a líníochtaí greannmhara ag aoradh aois na meaisíní, ag léiriú gléasanna Heath Robinson le dearaí seafóideacha aimhréiteacha chun tasc simplí praiticiúil a dhéanamh, cosúil le hardú hata.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.