Mhair na hárais máithreacha is naíonánagus natithe Maigdiléanacha[1] in Éirinn ó lár an ochtú haois déag go dtí deireadh an fichiú haois. Bhí mná curtha ann ar feadh na mblianta fada agus rugadh páistí dóibh go minic.[2] Idir 1922 agus 1998 cailleadh 9,000 leanbh óg sna hárais máithreacha is naíonán ar fud Éireann; sin 15% de na leanaí a rugadh sna hárais agus ráta báis a bhí cúig uaire níos mó ná an meán náisiúnta i rith na tréimhse sin.[3]
Cuireadh máithreacha is naíonán sna hárais agus na mná "as a meabhair" nó "neamh-inmhianaithe" sna tithe Maigdiléanacha, ach bhí siad ag teacht salach ar a chéile chom maith.
Córas
Nuair a d’fhaightí amach go raibh bean torrach, mheasadh a cuid tuismitheoirí go raibh siad náirithe go deo. Is iondúil go ligtí an fear saor ó cháineadh. Leanbh mídhlisteanach, leanbh tabhartha, a bheadh aici de réir an Stáit.[4]
An réiteach ab éasca in Éirinn a bhíodh ag na tuismitheoirí ar an gcás an iníon a chur go Sasana, faoi rún dá mb’fhéidir é. Ach ní raibh an dara rogha ag na boicht ach dul isteach sna hárais máithreacha is naíonán nó na Tithe Níocháin.
Sna Neachtlanna, coinníodh na mná faoi smacht, mná dofheicthe. Chaith na mná a saol ag sclábhaíocht, lá i ndiaidh lae ag déanamh níocháin daoine eile. Go minic, bhí siad 'salaithe' i súile na heaglaise agus an phobail.
Ba thithe déirce iad na Neachtlanna ón taobh amuigh; thug siad deis don phobal éalú ó fhreagracht agus a bheith saor ó chiontacht. Ba phríosúin bhrúidiúla iad, áfach do na créatúir a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith caite isteach iontu.[2]
Níorbh iad an chléir amháin (an Eaglais Caitliceach, Eaglais na hÉireann agus eile), a bhí i mbun, a bhí ciontach: bhí a gcuid tuismitheoirí agus a gcuid comharsan, agus an rialtas, fiú an tsochaí uilig, páirteach sa gcomhcheilg freisin.[4] Maidir le ceannairí an Stáit, dhún siad a súile ar fad ar a raibh ag tarlú.
Taispeántas Diane Fenster, 2000,[8][9][10] grianghrafadóir digiteach Meiriceánach. Baineann Fenster úsáid as braillíní, agus tá portráidí ban le feiceáil ar na braillíní, mar mheafar. Feictear braillíní mar rudaí a chuireann na mná i ndaoirse chomh maith le rudaí a ligeann dóibh a bheith saor le bheith ag brionglóid agus éalú ó liostacht agus cruálacht an tsaoil. Úsáideann sí seanbhraillíní ina taispeántas mar go bhfuil stair ag baint leo agus gur áirgí pearsanta atá iontu.[2]
Faoi Scáth, leagan Gaeilge (2015) de dhráma Patricia Burke Brogan Eclipsed.[11]