Tá Droichead na Bóinne, cuid den mótarbhealachM1, suite 3 km siar ó Dhroichead Átha. Is é an droichead cáblach is faide in Éirinn é; tá sé suite don chuid is mó i gContae na Mí, ach tá roinnt de i gContae Lú chomh maith.
Tá tábhacht stairiúil, seandálaíochta, agus mhiotaseolaíochta ag baint leis an mBóinn. Luíonn an abhainn in aice le Caisleán Bhaile Átha Troim, Teamhair na Rí, an Uaimh, Cnoc Shláine, An Mhainistir Mhór, agus cathair mheánaoiseach Dhroichead Átha. Is féidir teacht ar shéadchomharthaí stairiúla agus seandálaíochta eile i nGleann na Bóinne freisin, mar shampla Ceanannas, crosa Ceilteacha agus caisleáin. Tharla Cath na Bóinne ar bhruach na Bóinne in aice le Droichead Átha sa bhliain 1690.