Sa dinnseanchas, deirtear chur ciallaíonn an t-ainm "bó fhionn", Sean-Ghaeilge bó find.[4] De réir Tíreolaíocht le Ptolemy sa 2ú haois, Bouvinda (Βουουίνδα) ab ainm don abhainn.[5][6] D'fhéadfadh gur fréamhaíodh an t-ainm ón Prótai-Cheiltis*bou-vindā, "bó fhionn".[7]
Cruthú na Bóinne
Insítear sa Dinnseanchas (Boand I, dán 2),[8] conas ar chruthaigh Bóinn abha na Bóinne. Cé gur chuir a fear céile, Neachtan, cosc uirthi a leithéid a dhéanamh, tháinig Bóinn tar i ngiorracht Tobar Segais, a bhí timpeallaithe ag naoi gcrann coill draíochta.[9]. Thiteadh cnónna coill isteach sa tobar and d'itheadh bradáin bhreaca iad (i dteannta le cnónna coill, léiríonn bradáin eagna i miotaseolaíocht na nGael). Thug Bóinn dúshlán do chumhacht an tobair nuair a shiúil sí thart timpeall ar tuathal, a chuir an t-uisce ar bhorradh go tréan agus réab go dtí an fharraige, ag cruthú na habhann. I rith na tubaiste, sheaca í scuabadh leis an uisce, agus chaill sé lámh, cos agus súil, agus í ndeireadh na dála a saol. De réir an dán, is ionann An Bhóinn agus aibhneacha móra i dtíortha eile, ina measc An tSabhrainn, An Tibir, Abhainn na hIordáine, An Tígris agus an Eofrait.
Bhí gaidhrín darbh ainm Dabilla ag Bóinn, a scuabadh ag an tuile insan fharraige. Sracadh as a chéile é ar charraigeacha san uisce, agus ainmníodh Cnoc Dabilla iad as an madra.[10][11][12]
De réir scoláirí agus págántachta an lae inniu, samhlaítear Bóinn scaití leis an mbandia Bríd, nó creidtear gur mháthair Bhóinne í Bríd.[14][15] Níl foinse Ceilteach ann áfach a léiríonn mar sin í. I dteannta seo, creideann roinnt scoláirí an lae inniu gur cuireadh de réir a chéile adhradh, siombalachas agus scéalta na mionbhandéithe leis an mbandia, agus dá éis sin naomh, níos cáiliúla Bríd.[16]