i gcoimhlint Iosrael–Gaza sa bhliain 2014, maraíodh 2,100̹̟+ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 71 Iosraelach.[1]
Cúlra
I mí Aibreáin 2014, bhí an sprioc am a bhí socruithe ag Meiriceá d'Iosrael agus don Phalaistín le comhaontú síochána a bheith déanta sa Meán Oirthear caite gan aon réiteach a bheith déanta.[2]
Foréigean seicteach agus fánach
Ar 12 Meitheamh2014, fuadaíodh agus dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha[3] i Heabrón (is in Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba[4]). Dúirt rialtas na hÉireann ag an am, “Is den tábhacht freisin é go mbeadh na húdaráis freagrach agus srianta ina bhfreagra agus nach mbeadh aon íospartach neamhurchóideach eile mar thoradh ar an gcoir uafásach seo.”[5]
Mhúscail an drochscéal seo conspóid agus thionscain sé ráig foréigin. Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear.
Fógraíodh an Éigipt sos comhraic don chéad uair ar 14 Iúil.[8]
Thosaigh cainteanna idir Iosrael agus Hamas i gCaireo ar 12 Lúnasa.[9] D'fhógair Iosrael ar 19 Lúnasa go raibh sos lámhaigh thart.[10] Stop na hionsaithe faoi dheireadh ar 26 Lúnasa2014.
Níos déanaí
Níos déanaí, ar 18 Samhain 2014, maraíodh ceathrar Iosraelach agus gortaíodh ochtar eile nuair a rinne beirt fhear ionsaí ar shionagóg in iarthar Iarúsailéim.[11] Bhí gunna, sceana agus tua ag an mbeirt. Mharaigh póilíní Iosraelacha an bheirt. Dúirt an eagraíocht thuata Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne gurb iad a bhí freagrach as an ionsaí.
In Éirinn
Vótáil an Dáil ar 10 Nollaig2014 ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín.[12] Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Palaistíne a dtodhchaí féin a roghnú. Dá bharr, d'éirigh Éire an 135ú tír a thug aitheantas mar stát don Phalaistín.