Tagann an t-ainm ó chathair Gaza. Níl cuan ar bith ag an Stráice.
Tá barr ar dhá mhilliún duine ina gcónaí i nGaza agus a mbunáite i gcruatan leis na blianta marbha mar gheall ar easpa saorghluaiseachta agus mírialú, gan trácht ar fhoréigean.[1]
Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear. Ar an 12 Meitheamh2014, fuadaíodh agus dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha[2] i Heabrón (is in Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba[3]). Mhúscail an drochscéal seo conspóid agus thionscain sé ráig foréigin. Chuir Iosrael tús le feachtas ionsaí ar stráice Ghaza ar 8 Lúnasa. Stop na hionsaithe ar 26 Lúnasa2014. Maraíodh 2,100̟ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 68 Iosraelach.[4]
Vótáil an Dáil ar 10 Nollaig2014 ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín.[6] Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Palaistíne a dtodhchaí féin a roghnú. Dá bharr, d'éirigh Éire an 135ú tír a thug aitheantas mar stát don Phalaistín.