De shliocht Gael-Éigipteach Naisrín Elsafty (a rugadh sa bhliain 1989) agus clú uirthi mar amhránaí ar an Sean-nós.
Bunús
Iníon le Treasa Ní Cheannabháin ó Chontae na Gaillimhe agus le Saber Elsafty, dochtúir Éigipteach, is ea Naisrín agus í ar an gcuid is óige den chlann. Is deirfiúr le Róisín Elsafty í. Tógadh í lena leathchúpla dearthár agus lena deirfiúracha i mBearna i gConamara.
Teaghlach ilchultúrtha agus dáchreidmheach a bhí ann agus dhéantaí idir Nollaig agus Eid (deireadh Ramadan) a cheiliúradh. Bhuail na tuismitheoirí le chéile agus iad ag obair sa Danmhairg agus phós i bparóiste Chill Chiaráin.[1] Chuaigh an chlann ar scoil sa cheantar agus idir Ghaeilge agus Bhéarla ar a dtoil acu.
Tá baint ag Naisrín agus a muintir leis an Meánoirthear i gcónaí,[2] agus sa bhliain 2008 coinneáladh í féin agus a máthair tamall i nGaza tar éis dóibh éalú thar teorainn isteach ón Éigipt le hairgead a bailíodh in Éirinn do theaghlaigh Phalaistíneacha.[3]
Ceol
Tá an ceol ó dhúchas i Naisrín, agus is minic cloiste ag féilte agus i gcuideachta í. Tá an ceol ó dhúchas i Naisrín, agus is minic cloiste ag féilte agus i gcuideachta í. Tá an ceol ó dhúchas i, agus is minic cloiste ag féilte agus i gcuideachta é. Rinneadh roinnt clár a raibh sé d'aidhm acu (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus í ag casadh amhrán ar an Sean-nós.[4].[5]
Dioscliosta
- Naisrín Elsafty, Róisín Elsafty, & Treasa Ní Cheannabháin - Irlande: L’Art du Sean-Nós, Musique du Monde: Collection Dominique Buscail, dirigée par Gilles Fruchaux. (Buda Musique 92711-2)
Níl dlúthdhiosca curtha amach fós ag Naisrín Elsafty ina aonar, ach tá sí le cloisteáil ar dhlúthdhiosca de sheanamhráin a chuir Róisín Elsafty, deirfiúr léi, amach.[6]
Tagairtí
- ↑ ’From Galway to Gaza,’ Patrice Harrington, The Daily Mail, 16 Bealtaine 2009, 6 Iúil 2011
- ↑ Féach Naisrín ag amhránaíocht lena máthair agus lena deirfiúr Zahrah faoi Ghaza: Treasa Ní Cheannabháin, Naisrín & Zahrah Elsafty - "An dTiocfása Liomsa (Amhrán Ghaza)", 6 Iúil 2011
- ↑ BBC News - ’Irishwoman to face military court’ - Feabhra 2008 Breathnaíodh air ar 6 Iúil 2011
- ↑ Féach, mar shampla: Naisrín Elsafty - Máire Ní Eidhin (Sean nós singing), 7 Iúil 2011
- ↑ Féach, mar shampla: Naisrín Elsafty - Máire Ní Eidhin (Sean nós singing), 7 Iúil 2011
- ↑ Róisín Elsafty - Má Bhíonn Tú Liom Bí Liom CD Breathnaíodh air ar 7 July 2011
Naisc sheachtracha