Is polaiteoir Éireannach é Frank Feighan nó Proinsias Ó Fiacháin i nGaeilge (a rugadh ar an 4 Iúil 1962). Ball d'Fhine Gael atá ann. Bhí sé ina TD do Ros Comáin-Deisceart Liatroma.[1] Toghadh i dtoghchán ginearálta 2007 é. Roimhe sin bhí sé ina bhall den 22ú Seanad.[2]
Sa bhliain 2006 ghlac sé páirt i seó de chuid RTÉ, You're a Star, chun airgead a bhailiú do charthanas do pháistí.
Sa bhliain 2007 ceapadh mar leas-urlabhraí an pháirtí d'Iompar agus Oideachas é. I mí Iúil 2010, roghnaigh Enda Kenny Feighan mar urlabhraí Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.[3]
Bhí go leor daoine míshásta le ceapadh Feighan mar urlabhraí Gaeltachta, mar ní raibh Gaeilge ar bith aige. Dúradh gur maslach an rud duine gan Ghaeilge a cheapadh mar Aire Gaeltachta, rud a rinneadh roimhe sin nuair a ceapadh Síle de Valera agus Michael Ring roimhe seo agus nuair a cheap Charles Haughey é féin ina Aire Gaeltachta. Dúirt Feighan go raibh sé ag foghlaim na teanga agus go raibh sé in ann a chuid oibre a chur i gcrích mar bhí Kenny agus an leas-urlabhraí Dinny McGinley as Gaoth Dobhair ag cabhrú leis.[4]
Toghadh é mar TD in 2007, 2011 agus 2020. Níor ghlac sé páirt san Olltoghchán 2016.