Is iarpholaiteoir Éireannach é Joe Higgins (Gaeilge: Seosamh Ó hUiginn). Rugadh é ar an 1 Bealtaine1949. Ba é Higgins an t-aon Teachta Dála ón Pháirtí Sóisialach idir 1997 agus 2007. Chaill sé a shuíochán san olltoghchán sa bhliain 2007, ach bhí sé ina TD arís ó 2011 go dtí 2016.
Tús a shaoil
Rugadh é i Lios Póil i gContae Chiarraí sa bhliain 1949. D'fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Chríostaí sa Daingean. I ndiaidh sin, thosaigh sé ag staidéar chun bheith ina shagart. Cuireadh go dtí coláiste cléireach i Minnesota sna Stáit Aontaithe san 1960í é mar chuid dá chuid oiliúna. Bhí agóidí frith-Chogadh Vitneaim agus an feachtas Chearta Sibhialta ar siúl ag an am agus bhí tionchar acu siúd ar a dhearcadh polaitiúil.
Chuaigh sé isteach i bPáirtí an Lucht Oibre nuair a bhí sé mar mhac léinn agus bhí sé gníomhach sa Militant Tendency (An Claonadh Míleatach), grúpa den eite chlé sa pháirtí. Dibríodh Higgins agus daoine eile san Militant Tendency sa bhliain 1989. Bhunaigh siad Militant Labour ach thosaigh an páirtí ar úsáid a bhaint as an ainm "An Páirtí Sóisialach" sa bhliain 1996.
Toghadh Higgins mar bhall de Chomhairle Chontae Fhine Gall sa bhliain 1991 agus bhí sé ina bhall den Chomhairle go dtí 2004. Toghadh é mar Theachta Dála sa bhliain 1997 i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Toghadh arís é in Olltoghchán 2002.
Chaill sé a shuíochán sa bhliain 2007 ach d'éirigh leis é a bhuachan arís in Olltoghchán 2011, tar éis dó a bheith tofa mar Fheisire de chuid Pharlaimint na hEorpa ar son Bhaile Átha Cliath i 2009. Do thoghchán ginearálta 2011 tháinig aontas coiteann de chuid na heite clé, darbh ainm Comhghuaillíocht na hEite Clé Aontaithe le chéile le dul in iomaíocht leis na páirtithe eile.