Rugadh Elmes ar 5 Bealtaine 1908 i gCorcaigh, áit a raibh gnó poitigéara ag a hathair ar Shráid Winthrop (Edward Elmes agus a mátháir Elizabeth née Waters). Edward Elmes a bhí ar dtús ó Phort Láirge, agus bhog sé go dtí Corcaigh. D'fhás Waters suas i gCorcaigh. Bhí deartháir amháin aici, John, a bhí ina dhiaidh i gceannas gnó an teaghlaigh.
D'fhreastail Elmes ar Scoil Rochelle i gCorcaigh. Ansin i 1928 chláraigh sí le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Fuair sí céim amach le chéadonóracha sa Nua-Litríocht (Fraincis agus Spáinnis) agus bronnadh bonn óir uirthi in 1931.
Sa bhliain 1935, mar gheall ar a cuid éachtaí acadúla, bronnadh scoláireacht ar Elmes chun staidéar a dhéanamh ag an London School of Economics. Fuair sí teastas i Staidéir Idirnáisiúnta chomh maith le scoláireacht chun leanúint ar aghaidh lena cuid oideachais sa Ghinéiv, an Eilvéis.
Cogadh Cathartha na Spáinne
Spreag seo a suim sa bpolaitíocht agus thug uirthi dul chun na Spáinne le cabhrú leo sin a bhí gafa leis an gCogadh fuilteach Cathartha ansin.[3] I mí Feabhra 1937,chuaigh Elmes go dtí an Spáinn, ag obair in ospidéal na leanaí in Almeria. Chaith sí tréimhse ghearr ann agus ansin chuaigh sí go dtí Alicante, áit a raibh sí i mbun ospidéil ann.[4] Le linn an chogaidh chathartha sa Spáinn, thug Mary leanaí go leor slán ó bhuamaí a bhí á scaoileadh as eitleáin de chuid na Gearmáine agus na hIodáile.[5]
Dara Cogadh Domhanda
Nuair a rinne arm buacach Franco géarleanúint ar an taobh Poblachtach, chuaigh Mary Elmes á dtionlacan ar deoraíocht trasna na teorann go campa géibhinn Rivesaltes in aice le Perpignan na Fraince. Ar an drochuair nuair a ghabh na Gearmánaigh an taobh sin sa Dara Cogadh Domhanda, b’as an gcampa seo a thosaigh siad ag seoladh príosúnach soir go dtí na campaí marfacha inar cuireadh na céadta míle duine chun báis. Shaothraigh Mary Elmes go dícheallach ag iarraidh páistí Giúdacha a tharrtháil ón gcinniúint sin agus rinne sí éachtaí ar a son. I measc eachtraí eile, choinnigh sí páistí i bhfolach i i mbúit a gluaisteáin féin.
I mí Eanáir (nó Feabhra) 1943, gabhadh Elmes ar amhras gur chuidigh sí le héalú na nGiúdach agus cuireadh i bpríosún í. Ina dhiaidh sin, aistríodh í go príosún míchlúiteach Fresnes, a reáchtáil an Gestapo in aice le Páras, áit ar chaith sí sé mhí.
Phós sí feirmeoir, Roger Danjou agus shocraigh sí síos i bPerpignan. Bhí beirt chlainne aici, Caroline in 1946 agus Patrick in 1948.[6][7]
Onóracha
Tar éis an chogaidh, bronnadh an Léigiún Onóra ar Elmes (Fraincis: Légion d’honneur), an duais shibhialta is airde sa Fhrainc ag an am, ar dhiúltaigh sí glacadh léi ar bhonn nach raibh sí ag lorg aird nár mhian léi a bheith uirthi.
Ar an 23 Eanáir 2013, 11 bliain i ndiaidh a báis, bhí sí aitheanta tar éis a bháis ag Yad Vashem mar 'Fíréanta i measc na Náisiún'. A clann agus a garpháistí a bhfuair an dámhachtain thar a ceann.
Ar 30 Meán fómhair, 2016, bronnadh Gradam Trish Murphy uirthi ag an 'Network Ireland Business Woman of the Year Awards' i gCorcaigh. Ghlac a nia Mark Elmes leis.
Ar an 25 Feabhra 2019 d’fhógair Comhairle Cathrach Chorcaí go n-ainmneofaí droichead nua do choisithe a nascann Cé Phádraig le Cé na gCeannaithe i ndiaidh Mary Elmes. Osclaíodh don phobal é ar an 9 Iúil 2019.
Ainmnítear Duais Mary Elmes i Staidéar an Uileloiscthe, arna dháileadh ag Holocaust Education Trust Ireland i ndiaidh Elmes.
Naisc sheachtracha
Scannán TG4ː It Tolls for Thee. Scéal faoi chomhcheilg agus faoi mhisneach, ní hamháin go raibh Mary Elmes i gceartlár cogadh amháin sa fichiú haois ach bhí sí i gceartlár péire. "Scéal é seo faoin maith ag fáil an cheann is fearr ar an olc."