Is tír í an Spáinn (Spáinnis: España), nó Ríocht na Spáinne go hoifigiúil (Spáinnis: Reino de España), atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire.
Sa Chatalóin tá baile beag timpeallaithe ag an bhFrainc, Llívia.
Tá lár na Spáinne lán le sliabhraonta agus talamh ard, mar shampla Sierra Nevada. Sna hairde seo éiríonn na haibhneacha móra; an Tagus, an Ebro, an Duero, an Guadiana agus an Guadalquivir.
Tá machairí glárach ar fud an chósta. Is í an Guadalquivir in Andalucía an ceann is mó sa tír.
Réigiúin
Tá an tír roinnte i 17 réigiúin de réir bunreacht 1978.
Úsáidtear an euro mar airgeadra sa Spáinn. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Spáinne an 16ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 14ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 34ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Spáinn, é ar $38,171 don chónaitheach.
De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 37ú tír is forbartha ar domhan í an Spáinn, as 150 tír a tomhaiseadh.[1] Cuireann sé sin í mar an 24ú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh. I dTuarascáil Sonais Domhanda2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Spáinn an 36ú tír is sona, as 156 tír.
I Mí Eanáir 2020, is ag 13.7% a bhí ráta dífhostaithe na tíre, an dara leibhéal is airde san Aontas Eorpach.[2]
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.