Tundra is ea 62.7% den tír; lochanna agus oighearshruthanna is ea 14.3% di agus níl ach 23% di faoi fhásra.[1] Tá an cósta 4,970 ciliméadar ar fad agus mórán caolsáilí ann. Is ann atá formhór na ndaoine ina gcónaí, agus na sléibhte chomh fuar neamhthorthúil sin. Is iad na bailte is mó Réicivíc, Kópavogur, Hafnarfjörður, Reykjanesbær (mar a bhfuil an t-aerfort idirnáisiúnta), agus Akureyri. Tá daoine ina gcónaí ar oileán Grímsey, an chuid den tír is faide ó thuaidh.[2]
Tá ceithre pháirc náisiúnta ann: Jökulsárgljúfur, Skaftafell, Snæfellsjökull agus Þingvellir.
Tír óg í an Íoslainn ó thaobh na geolaíochta de, í suite ar bhall te na hÍoslainne agus ar an Droim Lár-Atlantach, rud a fhágann go bhfuil geolaíocht an oileáin an-bheo, agus a lán bolcán ann dá bharr, go háirithe Hekla, Eldgjá, Herðubreið agus Eldfell. Nuair a bhrúcht Hecla sna blianta 1783-1784 tháinig gorta a mharaigh beagnach an ceathrú cuid den daonra[3] agus a d'fhág smúit os cionn an chuid ba mhó den Eoraip agus os cionn cuid den Áise agus den Afraic freisin ar feadh roinnt míonna ina dhiaidh sin.
Tá a lán géasar san Íoslainn. Toisc nach deacair teacht ar chumacht gheoiteirmeach agus go bhfuil hidrileictreachas le fáil gan dua ó aibhneacha agus ó easanna, ní mór an costas atá ag gabháil le téamh na dtithe.
Tá an chuid is mó den oileán déanta de bhasalt, laibhe gan mhórán silice; ach brúchtann a lán bolcán laibhí de shaghas eile, ar nós rialaíte agus aindéisíte.
Tá baint ag an Íoslainn le Surtsey, ceann de na hoileáin is úire ar domhan. Nocht sé de bharr brúchtanna bolcánacha idir 8 Samhain1963 agus 5 Meitheamh1968, agus ní théann ann ach eolaithe atá ag déanamh taighde ar fhás na beatha. Baisteadh an t-oileán as Surtr, arracht an chlaímh lasánta.[4]
Aeráid
Aeráid fhomholach atá ag an Íoslainn, agus bíonn rian Shruth te an Aigéin Atlantaigh Thuaidh uirthi. Is annamh a d'fheicfeá oighear in aice leis an gcósta.[5] Tríd is tríd, tá an cósta theas níos teo, níos fliche agus níos gaofaire ná an tuaisceart, agus tá ísleáin an tuaiscirt ar an gcuid is neamhthorthúla den tír. Is é lár sléibhtiúil na tíre an chuid is fuaire den Íoslainn.
Ba í an teocht ab airde a taifeadadh riamh 30.5 °C (86.9 °F) ar 22 Meitheamh 1939 ag Teigarhorn ar chósta an oirdheiscirt. Ba í an teocht ab ísle -38 °C (-36.4 °F) ar 22 Eanáir 1918 ag Grímsstaðir agus ag Möðrudalur san oirthuaisceart. Réicivíc: 26.2 °C (79.2 °F) ar 30 Iúil 2008, -24.5 °C (-12.1 °F) ar 21 Eanáir 1918.
Na réigiúin
Tá ocht réigiún san Íoslainn agus iad á n-úsáid i mbailiú na staitisticí. Orthu atá na postcheantair bunaithe freisin.
Is beag planda nó ainmhí a tháinig chun na hÍoslainne ó dheireadh na hOighearaoise 10,000 bliain ó shin. Tá eolas ar thuairim is 1,300 feithid ann, méid atá sách íseal le hais a bhfuil le fáil i dtíortha eile. Níl reiptílí ann, agus ní bhfuair na chéad daoine rompu ach sineach amháin, an madra rua Artach, ainmhí a bhain amach an Íoslainn thar an bhfarraige reoite i ndeireadh na hoighearoise.
Coillte beithe agus tundra is dual don Íoslainn, cé nach bhfuil fásra ar bith le fáil i dtrí cheathrú den tír; tá féar ann freisin agus é á ithe ag beithígh. Bhíodh coillte beithe (Betula pubescens) le fáil i gcuid mhaith den deisceart,[6] ach chuir daoine isteach go mór ar an bhfód éadrom bolcánach agus ar an mbeagán speiceas a bhí ann. Baineadh an-úsáid as na coillte le haghaidh breosla agus adhmad tógála, agus tharla creimeadh de bharr an dífhoraoisithe, rud a bhac ar athfhás na mbeithí. Anois níl ach roinnt bheag beithí ann, cé go ndearnadh coillte nua a chur agus crainn iasachta san áireamh.
Tháinig manaighÉireannacha (Papar[8]) timpeall 870 AD; b'iad na céad daoine a chuir fúthu san Íoslainn is cosúil[9] ach níor thángthas ar aon iarsmaí seandálaíocha ina ndiaidh. Tháinig na Lochlannaigh chomh maith, dream a d’fhódaigh iad féin ann sa tréimhse 870-930. Thóg Ingólfur Arnarson teach ag Réicivíc sa bhliain 874,[10] agus lean Lochlannaigh eile é lena gcuid daor Éireannach. Faoin mbliain 930 bhí an chuid ba mhó den talamh torthúil sealbhaithe, agus bunaíodh an Tionól (Alþingi) mar bhunús Chomhlathas na hÍoslainne. Mhair an Comhlathas go dtí 1262, nuair a d’éirigh na taoisigh róláidir.
Ó na Meánaoiseanna go dtí an Nua-Aois Luath
Bhí achrann, aighneas agus troid ann nó gur síníodh an Sean-Chúnant, rud a thug an Íoslainn faoi smacht choróin na hIorua; nascadh ríochtaí na hIorua agus na Danmhairge sa chuid dheiridh den 14ú haois, agus d’fhan an Íoslainn faoi smacht na ríochta nua. Ina dhiaidh sin bhí an tír ar an trá fholamh: bhí na daoine ag brath ar an talmhaíocht, agus iad thíos le hithir neamhthorthúil, le brúchtanna bolcánacha agus le haeráid dhian.
Tháinig an phlá sna blianta 1402-1404 agus 1494-1495, agus cailleadh tuairim is leath an phobail gach uair.[11]
Timpeall lár an 16ú haois thosaigh Rí Christian III na Danmhairge ag brú an Liútarachais ar na daoine: baineadh an ceann d’easpag deireanach na hÍoslainne agus de bheirt mhac leis sa bhliain 1550, agus rinneadh príomhchreideamh na tíre den Liútarachas.
Sa 17ú agus san 18ú haois chuir an Damhairg diansrianta le trádáil na hÍoslainne, agus rinne píoráidí ó Shasana, ón Spáinn agus ón Ailgéir na cóstaí a chreachadh.
San 18ú haois mharaigh an bholgach tuairim is an tríú cuid den phobal, agus sa bhliain 1783 bhrúcht bolcán darbh ainm Laki, rud ba chúis le breis is leath an eallaigh a mharú, le gorta mór agus le bás an ceathrú cuid den phobail nó mar sin, gan trácht ar smúit uafásach ar fud an domhain.
Neamhspleáchas
Sa bhliain 1814, tar éis chogaí Napoléon, scar an Iorua agus an Danmhairg óna chéile, ach bhí an Íoslainn spleách ar an Danmhairg fós. Mar sin féin, tháinig gluaiseacht neamhspleáchais chun cinn faoi cheannas Jón Sigurðsson, gluaiseacht a bhí faoi anáil náisiúnaíochas rómánsach na hEorpa.
Cuireadh deireadh leis an ngéibheann réir a chéile Vistarband ag deireadh an 19ú haois.
Níor tugadh féinrialú don Íoslain go dtí an bhliain 1874, agus méadaíodh é sa bhliain 1904. Ar 1 Nollaig1918 socraíodh leis an Danmhairg go mbeadh an Íoslainn ina stát neamhspleách faoi Choróin na Danmhairge. Faoin am sin bhí aghaidh ag neart Íoslannach ar Mheiriceá Thuaidh, go háirithe Ceanada; d’imigh timpeall 15,000 duine as pobal 70,000 sa chuid dheireanach den 19ú haois.[12]
Sa Dara Cogadh Domhanda d’fhógair an Íoslainn, ar nós na Danmhairge, go raibh sí neodrach. Nuair a rinne an Ghearmáin an Danmhairg a fhorghabháil ar 9 Aibreán1940, dúirt parlaimint na hÍoslainne gur chóir do Rialtas na hÍoslainne údarás an Rí a ghlacadh chuici chun go bpléifeadh sé le gnóthaí eachtracha agus cúrsaí eile a mbíodh an Danmhairg ina mbun ar son na hÍoslainne. I gceann míosa ghabh fórsaí armtha na Breataine an tír, rud ab fhearr le mórán Íoslannach ná ionradh Gearmánach; sa bhliain 1941 tháinig fórsaí Meiriceánacha in ionad na Breataine, agus d’fhan siad ann mar arm forghabhála go ceann an Chogaidh.
Tháinig deireadh leis an socrú idir an Íoslainn agus an Danmhairg sa bhliain 1943, agus an bhliain ina dhiaidh sin vótáil 95% den phobal ar son bunreachta phoblachtaigh. Rinneadh poblacht den tír go foirmiúil ar 17 Meitheamh1944.
D’fhág na Meiriceánaigh an Íoslainn sa bhliain 1946; chuaigh an tír isteach in ECAT sa bhliain 1949, rud ba chúis le hagóidí; sa bhliain 1951 síníodh comhaontú cosanta leis na Stáit Aontaithe, tháinig saighdiúirí Meiriceánacha ar ais, agus níor imigh siad go dtí an bhliain 2006.
Neartaigh an geilleagar i ndiaidh an Chogaidh, a bhuíochas sin ar thionsclú na iascaireachta, ar chabhair Marshall, agus (dar le mórán) ar threisiú na trádála de bharr pholasaithe Keynes. Sna seachtóidí rinne an Íoslainn a limistéar iascaireachta a fhairsingiú, rud a tharraing fearg na Breataine uirthi agus ba chúis le “hAighneas na dTrosc”. Fairsingíodh an geilleagar féin tar éis don Íoslainn dul sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach sa bhliain 1992, agus i gceann tamaill, sa bhliain 2003, beartaíodh ar scód a ligean le saothrú an airgeadais; bhí an-bhrabach le baint as seo, ach ba mhór an babhta ar na bancanna géarchéim eacnamaíoch na bliana 2008. Baineadh an bonn ón króna agus mhéadaigh an fiach náisiúnta nó go raibh sé ocht n-uaire níos mó ná an olltáirgeacht intíre.
Tá cánacha na hÍoslainne níos troma ná an meán san OECD, cé go bhfuil siad níos lú ná mar atá sna tíortha eile Nordacha[13][14] .Tá córas leasa shóisialaigh ann den saghas atá le fáil i dtíortha Lochlannacha eile, agus é ag soláthar cúram comhchoiteann sláinte agus meánoideachais atá saor in aisce.[15]
Sa bhliain 2017, mheas Innéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe gurbh í an Íoslainn an tír is forbartha ar domhan, as 151 tír a mheasadh.[16]
Polaitíocht
Bunaíodh an pharlaimint nua-aimseartha, an Alþingi sa bhliain 1845, ach athbhunú an tionóil a bhí ann sa bhliain 930 ba ea é i ndáiríre. Tá trí theachta is trí fichid sa rialtas sa lá atá inniu ann, agus toghtar iad gach ceathrú bliain. Is ceann stáit é an t-uachtarán, ach is é an príomh-Aire atá i gceannas ar an rialtas. De ghnáth, ní bhíonn aon pháirtí amháin ábalta rialtas a chruthú ina aonar, agus is minic comhrialtas ann.
Toghtar an t-uachtarán gach ceithre bliana freisin. Bhí an toghchán ba dhéanaí acu sa bhliain 2009, nuair a bhuaigh páirtí de chuid na heite chlé an toghchán de bharr mhí-éifeacht na bpáirtithe eile sa ghéarchéim eacnamaíochta.
Taobh amuigh den tír féin, scríobh W. H. Auden agus Louis MacNeice na Letters From Iceland agus iad ag taisteal tríd an tír i 1937.
Ceol
Tá ceol traidisiúnta dá gcuid féin ag na hÍoslannaigh, go háirithe na rincí amhránaíochta: daoine ag rince i bhfáinne agus bailéid á rá acu. Inniu tá iomrá ar roinnt bannaí i gcúrsai rac-cheoil agus popcheoil: Sigur Rós, The Sugar Cubes, agus amhránaí an bhanna úd, Björk.
↑Climate, History and the Modern World; Lamb H., 1995, Longman Publ.
↑Deirtear in Íslendingabók, cuntas le Ari Þorgilsson (1067–1148 AD) ar lonnaíocht na tíre: "Í þann tíþ Ísland viþi vaxit á miþli fiallz oc fiöro" (Ag an am sin bhí an Íoslainn faoi chrainn idir na sléibhte agus an trá): http://archive.org/details/slendingabkersk00smgoog.