Fuair Annelies Marie "Anne" Frank, a rugadh ar 12 Meitheamh1929 i Frankfurt-am-Main sa Ghearmáin, bás i gcampa géibhinn i mí Feabhra nó Márta 1945.[1] Cé nach raibh Anne Frank ach 15 d’aois nuair a d'éag sí, bhí tionchar aici ar an domhan mar gheall ar an dialann a scríobh sí.[2]
Scríobh sí an dialann thar dhá bhliain nuair a bhí sí féin agus a teaghlach i bhfolach in Amsterdam ó thrúpaí Naitsíocha. Cuireadh an dialann i gcló i ndiaidh a báis, agus thug sé pictiúr dúinn cad é mar a bhí sé eagla do bheatha a bheith ort ar feadh dhá bhliain. Seans gurb í an duine is mó cáil des na milliúin Giúdach a maraíodh le linn an Uileloisce.
Saol
Is sa Ghearmáin a rugadh agus a tógadh Anne Marie Frank. Giúdaigh a bhí sa teaghlach s’aici. Ach bhí orthu an Ghearmáin a fhágáil nuair a tháinig lucht tacaíochta Adolf Hitler i gcumhacht in Frankfurt, áit a raibh siad ina gcónaí.
Ní raibh Anne ach 4 bliana d’aois nuair a d’fhág a teaghlach an Ghearmáin agus a chuaigh siad chun na hÍsiltíre le saol nua a bhaint amach dóibh féin. Fuair Otto Frank, athair Anne, obair i monarchana. Bhí saol iontach sona ag an teaghlach, cé go raibh eagla orthu i gcónaí go dtiocfadh na Naitsithe i gcumhacht in Amsterdam, agus go mbeadh siad go holc do na Giúdaigh.
Bhí an teaghlach faoi bhagairt arís toisc forghabháil na nGearmánach ar an Ollainn. Ar 6 Iúil1942 chuaigh an teaghlach agus ceathrar Giúdach eile i bhfolach i bhfortheach rúnda in áras a chuideachta i gceantar Prinsengracht. Chuaigh Otto i muinín Miep Gies, fostaí de chuid na cuideachta, agus bhíodh Ollannaigh dhílse ag tabhairt bia agus leabhar don bhuíon a bhí i bhfolach.
Sceitheadh orthu, áfach. Ar an 4 Lúnasa1944 fuair saighdiúirí Naitsíocha eolas go raibh daoine ag fanacht i seomraí rúnda sa teach. Tógadh cách go dtí na campaí géibhinn agus ba é Otto amháin a tháinig slán.
Bogadh Anne agus a deirfiúr Margot ó Auschwitz (áit ar cailleadh a máthair) go Bergen-Belsen. Thall ansin, bhuail an tífeas na deirfiúracha. D’éag Margot agus cailleadh Anne go luath ina diaidh. Ghabh arm na Breataine an campa beagán níos déanaí, i mí Aibreáin 1945.
An Dialann
Leabhar a fuair sí mar bhronntanas lae breithe nuair a bhí sí trí bliana déag a d’úsáid sí mar dhialann. Déagóir anamúil, gealgháireach a bhí in Anne ach bhí aigne thar a bheith neamhspleách aici chomh maith agus tá na tréithe seo ar fad léirithe ina dialann.
Tugann sí léiriú grinn orthu siúd a bhí i bhfolach léi agus mar a réitigh nó nár réitigh siad lena chéile. Scríobhadh sí an dialann amhail is dá mba rud é go raibh sí ag labhairt le dlúthchara agus thuig sí nach bhféadfadh sí a cuid smaointe a roinnt chomh hoscailte sin leis na daoine eile.
Bhí meas ag Anne ar an litríocht agus scríobh sí ar 11 Bealtaine1944 gurbh í an mhian ba mhó a bhí aici ná bheith ina hiriseoir agus theastaigh uaithi lá éigin go bhfoilseofaí leabhar bunaithe ar an dialann agus go mbeadh aitheantas aici mar scríbhneoir.
Foilseachán
Tharla seo toisc gur chumhdaigh Miep Gies an dialann ó Lúnasa 1944 agus gur thug sí d’Otto é tar éis an chogaidh. D’fhoilsigh seisean é i 1947.
Ó shin i leith, tá cáil dhomhanda ar Anne. Toisc an mhacántacht seo agus a cumas nádúrtha scríbhneoireachta, tá na milliúin cóip den dialann díolta ar fud an domhain in iliomad teangacha.
Tá cáil chomh maith ó 1960 ar an músaem atá san áras i Prinsengracht. Tá an dialann ar taispeáint ann. Tagann beagnach milliún cuairteoir in aghaidh na bliana go dtí an músaem.
Gaeilge
Tá aistriúchán Gaeilge den dialann ar fáil faoin teideal Dialann Cailín Óig aistrithe ag Pádraig De Bléine, le fáil ar Yumpu[3] agus archive.org.[4]